Deireadh Seachtain Teaghlaigh i nGaeltacht Thír Chonaill le Teanga Tí
Bhailigh teaghlaigh ó Co. Thír Eoghain, Co. Aontroma, Co. An Dúin, Co. Dhoire agus Co. Dhún na nGall le chéile i nDún Lúiche fá choinne ár gcéad Deireadh Seachtaine Teaghlaigh sa cheantar. Dhírigh an deireadh seachtaine ar theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge agus ba é seo an chéad uair do chuid de na teaghlaigh bheith ag freastal ar imeacht mar seo.
Spraoi agus Cluichí Dé hAoine
Bhí muid ag stopadh i mBrú Óige an Earagail (https://www.anoige.ie/errigal-hostel), bhí na háiseanna thar barr agus seirbhís i nGaeilge ó thús go deireadh. Thosaigh an deireadh seachtaine le tráthnóna lán spraoi, cluichí agus comhrá. Ba dheis iontach é do na páistí cairde nua a dhéanamh agus do na tuismitheoirí nascadh le teaghlaigh eile atá ar an turas teanga céanna.
Scéalta, Eachtraí agus Tonnta Dé Sathairn
Bhí an Satharn lán le spraoi agus gáire. Thosaigh muid le Seisiún scéalaíochta le Suzanne Uí Ghallchóir. Lean muid ar aghaidh ansin go dtí Ionad Cois Locha (https://www.dunleweycentre.ie/ga/), áit ar athraigh muid isteach inár bhfoghlaithe mara ar an turas bád, tiománaithe traenacha ar an turas traenach agus bhí spraoi iontach againn sa pháirc súgartha agus ar na tuairtcharranna ‘s báid troitheán. Bhí lón blasta againn sa chaife roimh dhul go Machaire Rabhartaigh fá choinne seisiún surfála le Narosa Surf (https://narosalife.com/). Bhí cluichí ‘s spraoi san uisce do na páistí níos óige ná sé bhliana d’aois. Tháinig an ghrian amach agus bhí am iontach ag achan duine agus muid ag amharc amach ar Inis Bó Finne agus Toraigh na dTonn.
Bhí gach duine ocrach agus traochta i ndiaidh an spraoi ar fad go dtí sin. I ndiaidh dinnéar ar ais sa bhrú bhí sos spraoi againn agus muid ag ullmhú don Seó Talainne. Tháinig ‘Líofa’ (https://www.instagram.com/liofa.music/) isteach le cuidiú linn agus bhí gach cineál talainne agus cruthaitheacht ar taispeántas dúinn: urlisí ceoil, amhránaíocht, rabhlóga, damhsa agus judó fiú. Bhí sos de dhíth ar gach duine faoin am seo agus bhí muid ar bís lenár scíth a ligint ag amharc ar scannán trí Ghaeilge le grán rósta, milseáin agus seacláid the, críoch shuaimhneach ar an lá.
Bhí an seirbhís Dé Sathairn ar fad a fuair muid trí Ghaeilge agus ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl do na gnólachtaí as an seirbhís iontach sin a chur ar fáil dúinn. Chuir sé go mór le heispéireas na bpáistí ach go háirithe.
Slán le Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair Dé Domhnaigh
Tar éis an phacáil agus seiceáil amach, bhain na teaghlaigh sult milteanach as spraoi sa Pháirc Súgartha ar an Screabán sula ndeachaigh siad abhaile. Fágadh slán ag gach duine agus chuaigh achan duine abhaile le cuimhní cinn iontacha den gháire agus cairdeas.
Tá pleananna don Deireadh Seachtaine Teaghlaigh 2027 á gcur le chéile cheana féin, agus tá sceitimíní ar gach duine filleadh ar Ghaeltacht Thír Chonaill don chéad eachtra eile.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil gabh i dteagmháil le Sinéad ar sinead@glornangael.ie.