Site logo

Cur i láthair déanta do Theachtaí Dála i dTeach Laighean

Tá Ghlór na Gael tar éis cur i láthair a dhéanamh do Theachtaí Dála i dTeach Laighin inniu, 22 Meitheamh agus tá an t-eagraíocht ag lorg céimeanna nua ón Stát chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal.

Tá na céimeanna dírithe ar sealbhú teanga agus soláthar deiseanna úsáide ionas go mbeidh an féinmhuinín agus cumas ag daoine an teanga a úsáid.

Ina chaint dar teidéal “An Ghaeilge sa phobal, cad atá á dhéanamh?,” chuir Marcas Mac Ruairí, Bainisteoir Rannóg Teanga Tí le Glór na nGael,  béim ar ghníomhaíochtaí ar leith a dhéanadh difir ar an méid agus caighdeán na Gaeilge a labhraítear sa phobal.

Mhínigh sé a bhfuil ar siúl ag Glór na nGael faoI láthair:

  1. Bronntar duaischiste de €80,000 + ar choistí pobail go bliantúil mar aitheantas ar an obair a dhéanann coistí pobail ag cur chun cinn na Gaeilge.
  2. Tacaíocht phraicticiúil agus deiseanna oiliúna do choistí deonacha mar chuid de chóras timireachta Ghlór na nGael.
  3. Tá Glór na nGael lárnach sa phróiseas, ag tacú le Foras na Gaeilge, le Bailte Seirbhíse Gaeltachta úra a fhorbairt agus a thabhairt chun críche.
  4. Trí Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, tá Glór na nGael i gcomhar leis an Chumann Lúthchleas Gael ag cur na teanga chun cinn i gcumainn fud fad na tíre. Mar thoradh ar an obair seo bhí Infheistíocht iomlán de €122,000 in imeachtaí Gaeilge sna cumainn i 2022.
  5. Trí an Rannóg Teanga Tí, tá Glór ag tacú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge, ag tacú le agus ag cruthú líonraí pobal de theaghlaigh Ghaeilge. Le linn 2022, d’oibrigh an eagraíocht le 75 líonra agus eagraíodh 351 imeacht chuige sin.
  6. Tugann an scéim Gradaim aitheantais náisiúnta don Ghaeilge sa ghnó. Rinneadh moltóireacht ar 85 gnó a ghlac páirt sa scéim le linn 2022 agus bronnadh breis agus 100 duais. Tugann scéim Gradaim aitheantas náisúnta do ghnólachtaí a sholáthraíonn leibhéal áirithe seirbhíse i nGaeilge. Ba í 2022 an chéad bhliain ag Gradaim. Tugadh cuairt ar 85 gnó rannpháirteach agus rinneadh measúnú ar chomharthaíocht, margaíochta agus brandáil agus seirbhísí i nGaeilge sna gnóthaí a fhíorú.
  7. Scéim na gCúntórí Teanga an scéim is déanaí atá á reachtáil ó Ghlór na nGael. Tá próiseas earcaíochta ar bun faoi láthair chun cúntóirí teanga a chur ar fáil do 16 scoil i 9 gceantar éagsúil ó Leitir Ceanainn go Cathair Saidhbhín agus ó Chathair na Gaillimhe go Cluain Dolcáin (Bailte Seirbhísí Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge) 

Ag paint leis an scéim, dúirt an tUasal Mac Ruairí: “Is deis iontach í do na scoileanna atá mar chuid den scéim reatha, tacaíocht bhreise a chur ar fáil agus teanga na scoláirí a fhorbairt. Ba chóir an scéim seo a leathnú amach anois chun gach gaelscoil sa tír a chlúdach. Cinnteodh sé sin sealbhú agus saibhreas teanga na ndaltaí uile agus iad ag fágáil an chóras oideachais ar ball”

Lean sé leis: “Tá géarghá le soiléiriú maidir leis an phróiseas pleanála teanga mar a bhaineann sé le Líonraí Gaeilge. Tá deontaithe reatha na Scéime Forbartha Líonraí Gaeilge ag fanacht ar an chéad ghlaoch eile do Líonraí úra.”

Ar deireadh mhol sé: “Ba chóir tabhairt faoi sheirbhís cúraim leanaí trí Ghaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath do pháistí roimh aois scoile chun go mbeidh páistí ó theaghlaigh Ghaeilge ábalta cúraim a fháil ina dteanga féin.”