Site logo

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich – Buaiteoirí Chomórtas Ghlór na nGael

D’fhógair Cathaoireach Ghlór na nGael, Pádraig Ó Ciardha Príomhbhuaiteoirí Chomórtas Naisiúnta Ghlór na nGael ar chlár speisialta a craoladh inniu ar Facebook Beo i gcuideachta Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn.

B’iad Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, Béal Feirste a thug leo príomhdhuais Ghlór na nGael, €20,000 agus Trófaí Ghlór na nGael. Duaischiste de luach €80,000 san iomlán a bronntar ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail agus cumainn 3ú leibhéal, mar aitheantas ar sár-obair i gcur chun cinn na Gaeilge de.

Ag tréaslú do na coistí pobail uilig thug Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn aitheantas don díograis agus don obair a dhéanann siad. “Mar Uachtarán na hÉireann bím i dteagmháil leis na mílte daoine fud fad na tíre agus feicim chuile lá toradh bhur n’iarrachtaí ar son na teanga. Tá an Ghaeilge beo i ngach réimse de shaol na tíre seo agus cé go bhfuil neart oibre fós le déanamh againn aithním go bhfuil aibíocht tagtha le blianta beaga anuas i measc an daonra i gcoitinne agus an sean frithgaelachas ag cúlú.”
Rinne an t-Uachtarán comhghairdeas ar leith le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag rá “inniu tá sé (an Cultúrlann) mar larionad don phobal agus mar eiseamláir don tír ar fad ar conas ár gcultúr agus ár dteanga a neartú”.

Tá mórdhuaiseanna eile bainte ag Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co. Dhún na nGall, Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire agus Cairde Teo, Ard Mhacha.

Is iad An Cumann Gaelach, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bhain an príomhdhuais €3,000 i gcomórtas na gCumann Gaelacha sna hInstitiúidí Triú Leibhéal, urraithe an An Roinn Oideachais agus Scileanna.

Is féidir breathnú siar ar an gclár speisialta seo a comhchraoladh beo ar Facebook ar ardáin Molscéal TG4, Foras na Gaeilge, An Roinn Cultúir Oidreachta agus Gaeltachta agus Glór na nGael.

Chomh maith leis an Uachtarán, labhair ionadaithe ó na príomhurraitheoirí, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

 

Liosta na dTorthaí, 2019

 

Príomhbhuaiteoir Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2019

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

 

Coistí le Daonra faoi bhun 4,000

1ú Duais Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire €4,000

2ú Duais Glór Uachtar Tíre, Co. an Dúin €3,000

3ú Duais Glór na Speiríní, Co. Dhoire €2,000

 

Coistí le Daonra 4,000 – 20,000

1ú Duais Cairde Teo., Ard Mhacha €4,000

2ú Duais Muineachán le Gaeilge €3,000

3ú Duais Pobal ar a’n Iúil, Co. Thír Eoghain €2,000

 

Coistí le Daonra os cionn 20,000

1ú Duais Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste €4,000

2ú Duais Glór na Móna, Béal Feirste €3,000

3ú Duais Cultúrlann Uí Chanáin, Doire €2,000

 

Coistí Gaeltachta (Urraithe ag Údarás na Gaeltachta)

1ú Duais Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Dún na nGall €4,000

2ú Duais Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne/ 

Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí €3,000

3ú Duais Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe €2,000

 

Duaiseanna Speisialta

Duais Ógras Club Óige an Fháirche, Co. na Gaillimhe  €1,000

Urraithe ag Ógras

Duais an Timire Cumann Forbartha Chois Fharraige €700

Urraithe ag an Timire

Duais an Oireachtais Muineachán le Gaeilge €500

Urraithe ag Oireachtas na Gaeilge

Duais an Fháinne Glór Locha Riach, Co. na Gaillimhe Dearbhán €500

Urraithe ag Gael Linn

Duais Cho. Co. Dhún na nGall Áislann Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall €1,500

Urraithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall

Duais Cho. Cho. na Gaillimhe Craobh Mhaigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe €1,500

Urraithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe

Duais Chló Iar-Chonnacht Glór Ghleannta Liatroma , Co. Liatroma Dearbhán €1,000

Urraithe ag Cló Iar-Chonnacht

Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste £1,500

Urraithe ag Comhairle na Gaelscolaíochta

Duais COGG Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Co. Chiarraí €2,000

Urraithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta

Duais an Fhorais Pat.   Sult na Sollán, Cill Dara €1,000

Urraithe ag an bhForas Pátrúnachta

Duais Chonradh na Gaeilge Comharchumann Ráth Chairn, Co. na Mí €1,000

Urraithe ag Conradh na Gaeilge

Duais do na Coistí Deonacha is Fearr – €1,500 an ceann

Cúige Uladh Coiste Forbartha Chnoc Fola, Co. Dhún na nGall

Cúige Chonnacht Craobh Mhaigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe

Cúige Mumhan Glór na nGael Chlochán Bhreanainn, Co. Chiarraí

Cúige Laighean Sult na Sollán, Cill Dara

 

Iontráil Nua is fearr €1,000 – Comhaltas Chosanta Chúil Aodha, Co. Chorcaí

Gradam Ghlór na nGael  –  Helen Ó Murchú agus Bláthnaid Ó Brádaigh