Site logo

Fógra: Cuireadh chun tairisceana le haghaidh seirbhísí iniúchóireachta agus cuntasaíochta

(CUIDEACHTA FAOI THEORAINN RÁTHAÍOCHTA GAN SCAIRCHAIPITEAL)

 

FÓGRA

 

Cuireadh chun tairisceana le haghaidh seirbhísí iniúchóireachta agus cuntasaíochta

 

Tá Glór na nGael, Ceanneagraíocht Ghaeilge, ag lorg tairisceana ó chuideachtaí iniúchóireachta agus cuntasaíochta i gcomhair soláthair seirbhísí iniúchóireachta seachtracha agus cuntasaíochta. Beidh ardchumas Gaeilge scríofa agus labhartha riachtanach do chomhlíonadh na seirbhísí seo.

 

Bhí ioncam 2020 na heagraíochta, a bhfuil foireann de 18 fostaithe ann, cothrom le €1,242,000, agus luach stoc cothrom le €59,000.

I measc na seirbhísí a bheidh de dhíth, tá;

 

Seirbhís cuntasaíochta

  1. Na ráitis airgeadais bhliantúla a ullmhú don Bhord Stiúrtha.
  2. Na ráitis airgeadais bhliantúla a chur os comhair chruinniú an Bhord Stiúrtha.
  3. Na ráitis airgeadais bhliantúla a chur os comhair chruinniú cinn bliana na cuideachta.
  4. Na ráitis airgeadais bhliantúla a chur os comhair chruinniú den Choiste Iniúchóireachta Inmheánaí.
  5. Comhfhreagrais idir an Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus Glór na nGael maidir le teacht agus imeacht Stiúrthóirí agus Rúnaí – Foirm B10 (Ní gá comhaltaí a lua) móide Tuairisceán Bliantúil a ullmhú agus a chomhdú san Oifig sin – Foirm B1 – go bliantúil.
  6. Comhfhreagrais idir an Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus Glór na nGael maidir le teacht agus imeacht úinéirí tairbhiúla nuair a bhíonn athrú i gcomhdhéanamh an Bhoird Stiúrtha.
  7. Dualgais reachtúla Rúnaí na cuideachta a chomhlíonadh ar son Rúnaí na cuideachta le linn na bliana.

 

Seirbhís Iniúchóireachta

  1. Iniúchadh iomlán bliantúil ar chórais, ar stoic, ar thaifid, ar idirbhearta agus ar chuntais Ghlór na nGael
  2. Castáil le Cathaoirleach an Bhoird Stiúrtha agus le Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta Inmheánaí uair sa bhliain – ar líne.

 

Is féidir tairiscint a dhéanamh do sheirbhís iniúchóireachta agus ar sheirbhísí cuntasaíochta le chéile, nó ina aonair.

Tá eolas faoi chuideachta Glór na nGael le fáil anseo.

Seol iarratas tairisceana móide praghas chuig eolas@glornangael.ie roimh an 23 Feabhra 2021.