Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha (FSMD)
Cuireadh chun tairisceana
Fáilteoidh Glór na nGael roimh iarratas ó chomhairleoirí agus ó thaighdeoirí leis an saineolas cuí chun staidéar a dhéanamh ar FSMD. Staidéar a bheidh i gceist ar a héifeachtacht agus ar a tionchar i gclubanna an CLG agus ar na ceantair ina bhfuil siad ag feidhmiú, ie, suíomhanna Gaeltachta, tuaithe, cathrach agus uirbeach sna 32 contae.
Bunaithe in 2017 mar chomhpháirtíocht idir Glór na nGael agus Cumann Lúthchleas Gael, tá níos mó ná 800 gclub CLG tar éis clárú le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus infheistíocht €500,000+ déanta go dáta i scéimeanna agus gníomhaíochtaí éagsúla Gaeilge.
De thoradh na ndeontas atá ceadaithe thar na blianta cuireadh tús le ranganna Gaeilge, grúpaí amhránaíochta, clubanna óige, gréasáin teaghlaigh agus neart eile i gclubanna CLG fud fad na tíre.
Ní ionann Fondúireacht na bliana 2017 agus scéim an lae inniu, 2024. Tá fás suntasach tagtha ar rannpháirtíocht na gcumann sa scéim, le 85 club in 2017, agus 253 club in 2023.
Tá an Fhondúireacht maoinithe ag Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus na Meáin agus Foras na Gaeilge.
Cuspóir na Tairisceana:
Tá moltaí á lorg le haghaidh staidéar taighde cuimsitheach ar éifeachtacht agus ar tionchar Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha.
Cúlra:
Cé gurb eagrais spóirt iad clubanna de chuid CLG go príomha tá dualgais orthu i leith na Gaeilge agus i leith an chultúir ghaelaigh a chur chun cinn i measc rudaí eile.
Bunaíodh Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha mar thacaíocht do chlubanna CLG an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn tomhaiste agus pleanáilte. Tá tacaíocht faighte ag an scéim ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ó Fhoras na Gaeilge.
Tá sé mar aidhm ag an taighde seo tionchar agus éifeachtacht na Fondúireachta i gcomhlíonadh a cuid spriocanna a mheas.
____________________________________________________________________________
Cuspóirí: Is é príomhchuspóir an taighde seo ná éifeachtacht na Fondúireachta a mheas i gcomhlíonadh a cuspóir bhunaithe agus a tionchar ar úsáid na Gaeilge sa CLG a thomhais.
Cur Síos Mionsonraithe:
Amlíne
____________________________________________________________________________
Taithí agus Cáilíochtaí:
Cumais Theicniúla:
Riachtanais Comhlíonta:
____________________________________________________________________________
Formáid:
Cáipéisí Riachtanacha:
Spriocdháta Aighneachta: Caithfidh aighneachtaí a bheith faighte faoin 31 Lúnasa 2024.
Modh Aighneachta: Caithfear aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig lorcan@glornangael.ie
____________________________________________________________________________
5. Critéir Mheasúnaithe
Próiseas Roghnúcháin: Déanfaidh Glór na nGael measúnú ar na tograí bunaithe ar na critéir seo a leanas:
Critéir:
Meáchan:
____________________________________________________________________________
Beidh uasmhéid buiséad €10,000, CBL san áireamh, ar fáil don saothar seo.
Téarmaí Íocaíochta: Déanfar íocaíocht i dtráthchodanna, nasctha le comhlánú torthaí ar leith:
Fad an Chonartha: Beidh an conradh éifeachtach ó 31/10/2024 go dtí 31/05/2025. Le deimhniú
Rúndacht: Caithfidh an taighdeoir(í) cloí le comhaontuithe rúndachta chun sonraí agus torthaí na fondúireachta a chosaint.
Maoin Intleachtúil: Beidh gach maoin intleachtúil a ghineann an taighde faoi úinéireacht Ghlór na nGael.
____________________________________________________________________________
Fiosruithe: Le haghaidh aon fhiosruithe maidir leis an tairiscint, déan teagmháil le Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha Pobail caitriona@glornangael.ie nó Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí lorcan@glornangael.ie
Teagmháil Aighneachta: Ba cheart aighneachtaí a sheoladh chuig Lorcán Mac Gabhann (lorcan@glornangael.ie)
Is é seo an doiciméad tairisceana le haghaidh taighde ar éifeachtacht agus tionchar Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ó bunaíodh í. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le FSMD tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin oifigiúil www.glornangael.ie/clg/
Lúnasa 2024