Thug Sara Ní Chuireáin, bainisteoir Scéim na gCúntóirí Teanga lasmuigh den Ghaeltacht, faoi turas fhada timpeall na tíre le cuairt a thabhairt ar an 17 scoil sa 9 cheantar atá páirteach i Scéim na gCúntóirí Teanga. Is é seo an chéad bhliain den scéim agus tá na cúntóirí teanga ag déanamh scoth na oibre, mar shampla ag tacú le daltaí a bhog ó scoileanna Bhéarla go Gaelscoil nó Gaelcholáiste, ag spreagadh foghlaim trí spraoi, ceol, scéalaíocht, cluichí clós agus go leor eile.
Tá sé iontach tábhachtach go bhfuil tacaíocht breise agus spreagadh seo curtha ar fáil do na daltaí i ngach gné den Ghaeilge agus tá an obair atá á dhéanamh ag na cúntóirí teanga thar a bheith luachmhar do na scoileanna. Tá na cúntóirí ag neadú isteach go deas i ngach scoil agus is cinnte go mbeidh tionchar dearfach acu ar an Ghaeilge sa scoil sa todhchaí.
Ar na scoileanna a thug Sara Ní Chuireáin cuairt orthu tá;
Baile Locha Riach (Líonra Gaeilge)
Caisleán an Bharraigh (Baile seirbhíse Gaeltachta)
Cathair na Gaillimhe (Baile seirbhíse Gaeltachta)
Cathair Saidhbhín (Baile seirbhíse Gaeltachta)
Cluain Dolcáin (Líonra Gaeilge)
Inis (Líonra Gaeilge)
Dún Gharbháin (Baile seirbhíse Gaeltachta)
Leitir Ceanainn (Baile seirbhíse Gaeltachta)
Trá Lí (Baile seirbhíse Gaeltachta)
Tá Scéim na gCúntóirí Teanga taobh amuigh den Ghaeltacht á reáchtáil ag Glór na nGael thar ceann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, mar bheart sonrach ón bPlean Gníomhaíochta 2018 – 2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.