Site logo

Cuairt Spraíúil ZOOM ar Dhaidí na Nollag !

🎅 Déan do chuairt Zoom ar Dhaidí na Nollag a chur in áirithe anois!
Seo deis ag do pháiste cuairt dhigiteach Zoom a thabhairt ar Dhaidí na Nollag.
Is féidir do chanúint a roghnú – Uladh, Connachta, Mumhan

Tosóidh na cuairteanna ag 3.30in i rith na seachtaine agus 11:00rn ag an deireadh seachtaine ón 10 go dtí an 20 Nollaig

Mairfidh gach cruinniú 10 nóiméad.
Beidh bronntanas san áireamh le gach cruinniú 🎅

LE SPÁS A CHUR IN ÁIRITHE AR LÍNE

Tá an córas ag glacadh le háirithintí anois!

Chun áirithint a dhéanamh roghnaigh lá agus am a oireann. Tá idir 9-18 seal ar fáil in aghaidh an lae, agus beidh Daidí na Nollag ar fáil ón 10 go dtí an 20 Nollaig.

Ag tosú ag 3.30in i rith na seachtaine agus 11:00rn ag an deireadh seachtaine, beidh deis ag do pháiste cuairt dhigiteach Zoom a thabhairt ar Dhaidí na Nollag.

Mairfidh gach cruinniú 10 nóiméad.

Beidh bronntanas san áireamh le gach cruinniú.

Déan teagmháil linn má theastaíonn níos mó bronntanais ó Dhaidí na Nollag ag aine.nieanai@glornangael.ie

 

Rudaí le Seiceáil:

Fág 7 lá idir an áirithint agus an chuairt le am a thabhairt do Dhaidí na Nollag na bronntanais a sheachadadh in am.

Déan cinnte go bhfuil do challairí air agus go bhfuil do micreafón ag obair sula thosaíonn do chuairt. Seiceáil an nasc ar do cheamara gréasáin agus déan cinnte go bhfuil an ríomhaire ceangailte, má tá tú ag úsáid ríomhaire glúine. Níl muid ag iarraidh go gcaillfidh tú do choinne.

 

TEICNEOLAÍOCHT DIGITEACH A ÚSÁID

Treoracha maidir le ZOOM a íoslódáil:

Chun an feidhmchlár ZOOM a íoslódáil agus a shuiteáil:

Gabh chuig – https://zoom.us/download agus ón ionad íoslódála, cliceáil ar an gcnaipe íoslódála faoi ZOOM Cliant le haghaidh cruinnithe. Íoslódálfar an feidhmchlár seo go huathoibríoch nuair a thosóidh tú do chéad chruinniú ZOOM.