Cruth nua ar Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2026

Beidh cuma nua ar scéim Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha do 2026. Tá foireann na Fondúireachta idir Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael ag obair le cúpla mí anuas le struchtúr nua a chruthú don scéim ó 2026 ar aghaidh. Beidh béim níos láidre anois ar chaighdeán na spriocanna seachas díreach líon na spriocanna a bhaineann clubanna amach le Bonn FSMD a fháil.

Na príomhathruithe a bheidh ar an scéim:

Líon na spriocanna laghdaithe ó 70 go 40, agus spás anois do chlubanna suas go 10 sprioc sa bhreis a lua má tá tograí ar siúl acu nach dtiteann faoi na ceannteidil atá luaite;

Líon na spriocanna atá ag teastáil le haghaidh bonn laghdaithe chomh maith;

Bonn Cré-Umha: 15+ sprioc
Bonn Airgid: 25+ sprioc
Bonn Óir: 35+ sprioc; agus

Spriocanna riachtanacha ag gach leibhéal gur gá do chlubanna baint amach le bheith inchurtha do bhonn ag an leibhéal sin.

Beidh difríocht idir chaighdeán na spriocanna ag gach leibhéal anois chomh maith. Mar shampla, do chlub ar mhaith leo Bonn Airgid a bhaint amach, beidh orthu spriocanna a bhaint amach ag caighdeán níos airde ná do Bhonn Cré-Umha. Tá sampla den chur chuige nua ar fáil anseo:

Beidh dhá leabhrán anois ar fáil do chlubanna le cuidiú leo mar chuid den scéim seo:

Leabhrán eolais a leagann amach struchtúr na scéime, an cur chuige don mholtóireacht, na deontais agus gach eolas eile faoin scéim; agus

Lámhleabhar na spriocannaa leagann amach na critéir atá ag teastáil do gach sprioc ag gach leibhéal.  Chomh maith leis sin, tá nótaí agus treoracha ar fáil do gach sprioc anois le soiléireacht a thabhairt do chlubanna faoin méid atá i gceist. Tá spás ag cúl an leabhráin anois do chlubanna le spriocanna a roghnú le cuidiú leo plean a dhéanamh don bhliain.

Beidh foireann na Fondúireachta ag eagrú seisiúin eolais do chlubanna maidir leis an gcur chuige nua seo le linn mhí Feabhra. 

Is féidir teacht ar na leabhráin agus léiriú spéise a chur chugainn anseo.

Roghnaigh do theanga / Choose your language