Site logo

Conradh tairisceana – Anailís/Iniúchadh ar struchtúr Ghlór na nGael

Tá Bord Stiúrtha Ghlór na nGael ag lorg duine/cuideachta cáiltihe le hanailís a dhéanamh ar oiriúnacht struchtúr na heagraíochta do na cúraimí agus na feidhmeanna atá idir lámha aici. 

Tá léiriú spéise á lorg móide costas na hoibre roimh 5.30i.n., 16 Lúnasa 2023.

I 2014 ceapadh Glór na nGael mar cheanneagraíocht Gaeilge, ceann den sé cheanneagraíocht maoinithe ag Foras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta. Tá freagracht ar leith ag Glór na nGael i dtrí réimse oibre, forbairt na Gaeilge sa teaghlach, forbairt na Gaeilge i measc grúpaí pobail agus forbairt na Gaeilge i measc grúpaí fiontraíochta agus gnó.

Ón uair gur ceapadh í mar cheanneagraíocht náisiúnta Ghaeilge i 2014, tá Glór na nGael tar éis dul trí thréimhse mór fáis. Tá buiséad bliantúil de €2m measta ag an eagraíocht agus uasmhéid 42 duine fostaithe (2023), idir fostaithe lánaimseartha agus páirtaimseartha. 

Tá Glór na nGael ag lorg duine/cuideachta le hanailís a dhéanamh ar oiriúnacht struchtúr na heagraíochta do na cúraimí agus na feidhmeanna atá idir lámha aici. Iarrfar ar an té a gheobhaidh an conradh seo tuairisc a ullmhú do Bhord Stiúrtha Ghlór na nGael faoi dheireadh 2023 faoi na nithe seo a leanas;

Oiriúnacht córas airgeadais na heagraíochta do na feidhmeanna agus spriocanna atá le baint amach

Oiriúnacht struchtúr foirne reatha na heagraíochta ar mhaithe le feidhmeanna agus baint amach spriocanna an heagraíochta 

Beidh Gaeilge líofa de dhíth ón té a rachaidh i mbun na hoibre seo.

Má tá spéis agat sa chonradh seo, seol rphost chuig Ceannasaí Ghlór na nGael lorcan@glornangael.ie nó déan teagmháil ar 00353 87 9790193.