Tá Glór na nGael ag lorg stiúrthóir gréasáin cáilithe, i bhfoirm Comhaontú Leibheal Seirbhíse, le bainistiú a dhéanamh ar suíomhanna gréasán na heagraíochta agus ar sheirbhís rphoist & tiomántán na heagraíochta chomh maith le ullmhúchán agus cothabhail a dhéanamh ar chóras bainistíochta oibre na heagraíochta chun go dtig scéimeanna agus obair na heagraíochta a bhainistiú agus a thuairisciú go héifeachtach.
Tá léiriú spéise á lorg, móide costas na hoibre, roimh 12.30i.n., 07 Feabhra 2025.
I 2014 ceapadh Glór na nGael mar cheanneagraíocht Gaeilge, ceann den sé cheanneagraíocht maoinithe ag Foras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta. Tá freagracht ar leith ag Glór na nGael i dtrí réimse oibre, forbairt na Gaeilge sa teaghlach, forbairt na Gaeilge i measc grúpaí pobail agus forbairt na Gaeilge i measc grúpaí fiontraíochta agus gnó.
Iarrfar ar an té a gheobhaidh an conradh seo
10 uair a chloig in aghaidh na míosa ar feadh tréimhse bliana atá i gceist. Is féidir, trí chomhaontú idir Glór na nGael agus an soláthraí, go síneofar an comhaontú ag deireadh an tréimhse bliana, ach Glór na nGael a bheith sásta le luach na hoibre agus na seirbhíse.
Beidh tuiscint mhaith ar an nGaeilge de dhíth ón té a rachaidh i mbun na hoibre seo.
Má tá spéis agat sa chonradh seo, nó aon eolas sa bhreis uait, seol rphost chuig Bainisteoir Cumarsáide Ghlór na nGael cumarsaid@glornangael.ie nó déan teagmháil ar 00353 83 8676063.