Bhí deireadh seachtaine iontach ag CLG Chill Chartha nuair a d’óstáil siad Comórtas Peile na Gaeltachta. Tá CLG Chill Chartha cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ó 2020 agus is é seo an dara uair dóibh Comórtas Peile na Gaeltachta a óstáil, an chéad uair ná 2004. Is í an Ghaeilge príomhtheanga an chlub agus tá obair na gcapall á déanamh acu le tamall anuas ag ullmhú don Chomórtas. Imríodh 19 cluiche idir 26 foireann thar an deireadh seachtaine agus bhí an-rath ar an Chomórtas agus moladh mór ag dul do CLG Chill Chartha agus an pobal mórthimpeall as ócáid den scoth a reáchtáil.
Grád Sóisear na bhFear
Gaeil Fhánada CLG
Tá Gaeil Fhánada CLG cláraithe linn ó bhí 2020 ann. Bhain siad bonn cré-umha sa bhliain 2022 agus chuaigh siad ar aghaidh le bonn airgid a bhaint amach sa bhliain 2024. Bíonn siad ag baint leasa as na deontais a bhíonn amuigh againn le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha achan bhliain le haghaidh imeachtaí eagsúla a chur ar bun sa chlub. Thar na blianta le cuidiú ón Fhondúireacht, d’eagraigh siad siúlóidí ar an trá, seisiún scéalaíochta & filíochta agus chuir siad go mór leis an Ghaeilge thart ar an chlubtheach féin le tacaíocht ón Fhondúireaht. Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil iarrachtaí móra déanta acu le húsáid rialta na Gaeilge a chur chun cinn ag an chlub.
Grád Sinsear na bhFear
CLG Ghaoth Dobhair
Tá CLG Ghaoth Dobhair cláraithe linn ó 2017. Cuireann siad an Ghaeilge chun cinn go mór le himeachtaí óige, scéimeannna oiliúna do bhainisteoirí agus coitseálaithe agus comharthaíocht úr sa chlub le tacaíocht ó Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Bhain siad bonn óir na Fondúireachta amach don chéad uair sa bhliain 2018 agus arís sa bhliain 2024. Tá an Ghaeilge mar chroílár ag an chlub agus comhghairdeas leo as an bhua sa Chomórtas i mbliana.
Grád Sóisear na mBan
CLG Chill Chartha
B’iontach an rud é a fheiceáil an bua a bheith ag na hóstálaithe i nGrád Sóisear na mBan don chomórtas. Tá CLG Chill Chartha ag brú na Gaeilge chun tosaigh go mór mór ó thosaigh siad ar a dturas le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha sa bhliain 2020. Bhain siad leas i gcónaí as deontas na Fondúireachta thar na blianta nuair a d’eagraigh siad ranganna Gaeilge, Pop Up Gaeltachtaí agus scéimeanna oiliúna do na bainisteoirí faoi aois. Comhghairdeas leo as an bhua agus as an chomórtas a óstáil.
Grád Idirmheánach na mBan
Naomh Columba CLG
Tá Naomh Columba cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ó 2018 agus tá iarracht mhór á déanamh acu an Ghaeilge a chur chun cinn sa chlub. Chuir said isteach ar dheontas na Fondúireachta thar na blianta chun múrphictiúr a chur sa chlubtheach, ceardlanna ealaíne a dhéanamh agus dianchúrsa do dhaltaí na hArdteiste. Chuir siad comharthaíocht úr in airde le cuidiú ó dheontas na Fondúireachta agus iad ag óstáil cuid de na cluichí i gcomhoibriú le CLG Chill Chartha thar an deireadh seachtaine. Bhain siad bonn airgid na Fondúireachta amach sa bhliain 2022.
Grád Sinsear na mBan
An Tearmann CLG
Is iad an Tearmann CLG a bhain Comórtas Sinsear na mBan i mbliana. Chláraigh siad linn sa bhliain 2019 agus d’oibrigh siad ar ranganna agus ciorcail chomhrá a chur ar fáil do bhaill an chlub. Bhí bua maith acu thar Bhaile Cláir na Gaillimhe sa chluiche ceannais.
Comhghairdeas leis na foirne ar fad!
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar mhaithe le clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a léamh anseo nó bí i dteagmháil linn ag clg@glornangael.ie nó leiriú spéise a chur isteach anseo.