Site logo

Ar thóir bhuaiteoirí ‘Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael – 2023’

Chuir foireann Ghlór na nGael tús le camchuairt mórthimpeall na tíre inniu, Luan an 15ú Eanáir, chun moltóireacht a dhéanamh ar ghrúpaí agus ar choistí Gaeilge, le teacht ar bhuaiteoirí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2023.  Tá 37 grúpa san iomaíocht do dhuaiseanna i réimsí mar an Óige, Oideachas, An Teaghlach, Sláinte Intinne agus Coirp, An Stát agus Gnó, Imeachtaí agus Deiseanna Labhartha agus An Ghaeltacht. Tá réimse duaiseanna speisialta agus aitheantais le baint chomh maith. Ó Ghaoth Dobhair go dtí an Rinn agus ó Thamhlacht go Inis Meáin, caithfidh an dá ghrúpa moltóirí coicís ar an mbóthar agus iad sa tóir ar na gcoistí agus ngrúpaí Gaeilge a sheasann amach sna réimsí seo. Bronnfar na duaiseanna uilig, agus gan amhras an mórdhuais + trófaí Ghlór na nGael, ag ócáid speisialta a bheidh ar siúl i mbaile Mhuineachán ag tús mí Aibreán seo chugainn. Is i 1961 a bunaíodh comórtas Ghlór na nGael mar uirlis forbartha teanga do ghrúpaí pobail. Tá Glór na nGael buíoch d’urraitheoirí an chomórtais: Foras na Gaeilge, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Údarás na Gaeltachta, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Comhairle ontae Dhún na nGall, Comhairle Chontae na Gaillimhe, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta, Cló Iar-Chonnacht, An Foras Pátrúnachta, An t-Oireachtas, Gael-Linn, Gradaim Gnó na hÉireann.
Facebook
Twitter
LinkedIn