Site logo

Comórtas “Fáilte 2024” seolta ag Carroll’s Irish Gifts

Tá comórtas “Fáilte 2024” seolta ag Carroll’s Irish Gifts.  Tá an comórtas oscailte do ghnólachtaí nuabhunaithe, gnólachtaí beaga, dearthóirí, déantóirí agus fiontraithe atá ag cruthú bronntanas, seodra, bia nó éadaí.

Is comhlacht atá cláraithe le GRADAIM Gnó na hÉireann ‘As Gaeilge’ a raibh an bua acu sa chomórtas Fáilte 2023. Tá” As Gaeilge” suite i mBéal Feirste. Is í Rachael Brady a thosaigh an comhlacht i 2021.  ‘Sé an sprioc atá ag an chomhlacht ná daoine a mhealladh i dtreo na Ghaeilge, ag úsáid a gcuid táirgí. Bíonn mugaí is saothar ealaíne á dhíol acu. Is féidir theacht orthu anseo: https://asgaeilge.ie/ 

Bhain “As Gaeilge” dhá bhonn airgead amach sna rannóga Margaíocht & Brandáil agus Seirbhís i nGaeilge sa scéim GRADAIM Gnó na hÉireann. Bíonn neart postálacha i nGaeilge acu ar instagram (@asgaeilge), áit atá a gcuid táirgí le feiceáil.  Chomh maith céanna tá seirbhís i nGaeilge ar fáil ón gcomhlacht chomh maith.

Comórtas Fáilte:

  • Beidh deis ag buaiteoir “Fáilte 2024” a bheith i siopaí Carroll’s Irish Gifts ar fud na tíre agus a mbranda a bheith ar fáil ar líne ar ardáin Carroll’s Irish Gifts.
  • Beidh comhairle ar fáil don bhuaiteoir ó shaineolaithe Carroll’s Irish Gifts. Luach de €20,000 atá i gceist leis.
  •  Is gá bheith níos síne na ocht mbliana déag chun cur isteach ar “Fáilte 24”. Do tháirigí a thagann faoi “Bronntanais, Seodra, Bia nó Éadaí” atá an comórtas. Ní mór a bheith lonnaithe ar oileán na hÉireann. Beidh ar an bhuaiteoir a bheith in ann déantús a gcuid táirgí a mhéadú más gá.

Tá an comórtas oscailte go dtí an 6/5/24 agus is féidir iarratas a dhéanamh ag an nasc seo. Tá níos mó eolas faoin chomórtas ar fáil anseo

Is féidir clárú le Gradaim Gnó na hÉireann ag an nasc seo.