Tá fáilte curtha ag Glór na nGael roimh fhógairt an chomórtais nua Gradaim na Gaeltachta a thabharfaidh aitheantas do ghrúpaí pobail Gaeltachta as na tograí a chuireann siad chun cinn.
Thug Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, le fios gur dea-scéal é go n’aithníonn Údarás na Gaeltachta an tionchar dearfach atá ag an obair a dhéanann na coistí agus na grúpaí pobail seo sna ceantair ina mbíonn siad ag feidhmiú.
“Bíonn sé an-deacair an luach atá leis an obair a dhéanann na grúpaí seo a mheas agus iad ag cur seirbhísí, áiseanna agus caithimh aimsire ar fáil sa phobal.” a dúirt Mac Gabhann. “Tá ár gcuid oifigigh forbartha ag obair le breis agus fiche grúpa pobail Ghaeltachta agus tuigtear an luach atá ag baint leis an tacaíocht seo.”
Dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha Ghlór na nGael gur rud dearfach é go bhfuil ciste eile bunaithe atá dírithe ar aitheantas nua a thabhairt don obair fhiúntach atá déanta ag na grúpaí pobail Gaeltachta agus go mbeidh Glór na nGael ag súil le comhoibriú le hÚdarás na Gaeltachta chun t-aitheantas seo a chothú. Beidh sé fíor thábhachtach go mbeidh comhoibriú leanúnach idir Glór agus an tÚdarás chun aon dúbailt oibre a sheachtaint agus gan brú breise a leagann ar choistí Gaeltachta. Beidh deiseanna comhoibrithe ann, cinnte, maidir le clárú na gcoistí, le moltóireacht na gcoistí agus le ócáid Bhronnta na ngradam/duaiseanna. Ní thagann sé le ciall, agus acmhainnní teann, go mbeidh an dá eagras ag tabhairt faoi obair chéanna leis na gcoistí céanna, dár leis.
“Le cúig bhliana anuas tá luach breis agus €160,000 de dhuaiseanna bronnta ag Glór na nGael ar ghrúpaí pobail Gaeltachta.” a dúirt Mac Cionnaith. “I gcomórtas Náisiúnta na bliana seo caite bhain Coiste Forbartha Dhobhair (Ionad Naomh Pádraig) i nDún na nGall príomhdhuais Ghlór na nGael, €15,000 móide €7,000 i nduaiseanna rannóige agus an bhliain roimhe sin is é Comharchumann Mhic Dara ar an Cheathrú Rua i gConamara fuair an príomhdhuais €15,000 chomh maith le €7,000 i nduaiseanna rannóige.”
Bunaíodh Comórtas Ghlór na nGael breis agus 60 bliain ó shin chun aitheantas a thabhairt ar obair choistí agus ghrúpaí pobail ar fud na tíre i gcur chun cinn na Gaeilge.