Maidin álainn in Earrach na bliana bhailigh ionadaithe ó chlubanna na Fondúireachta sa Cheannáras chun Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a phlé.
B’é seo an dara uair do Ghlór na nGael a leithéid d’imeacht a eagrú agus is cinnte gur éirigh go seoighe leis.
Bhí Oifigigh Gaeilge i láthair ó gach carn den tír – ó Dhún na nGall go Ciarraí agus ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath.
Chuir Oifigeach Gaeilge an CLG, Jamie Ó Tuama fáilte roimh ghach duine agus mhol sé na rannpháirtithe as teacht agus as bheith sásta gníomhú mar oifigigh Gaeilge ina gclubanna. Agus é ag cur Bainisteoir na Rannóige, Cáit Ní Choirbhín in aithne, luaigh sé go raibh an Fhondúireacht tar éis tionchar mór a bheith aici ar chur chun cinn na Gaeilge sa chumann ón am a bunaíodh í thart ar dheich mbliana ó shin.
Labhair Cáit ansin agus rinne sí cur síos cuimsitheach ar obair na Fondúireachta, faoi na boinn a bhronntar gach bliain sa Gheimhreadh, faoi na deontais a chuirtear ar fáil ar a laghad faoi dhó in aghaidh na bliana agus faoin gcabhair a chuireann an Fhondúireacht ar fail do chlubanna. ‘Is breá linne ár gcuid oibre”, a dúirt sí, “na bíodh drogall ar bith ar éinne teacht i dteagmháil linn, am ar bith.”
Chuir Cáit Sinéad Ní Mhearnóg in aithne ansin. Oibríonn Sinéad le Teanga Tí, an rannóg de chuid Ghlór na nGael a dhíríonn ar an nGaeilge i dteaghlaigh. Bhí an-suim ag na daoine a bhí i láthair éisteacht lena moltaí faoi imeachtaí do theaghlaigh as Gaeilge sna clubanna.
Ansin bhí sé in am do Chlíodhna Ní Dhufaigh teacht os comhair an tslua, agus bhí slua an-deas i láthair. Rinne Clíodhna cur síos ar an athbhreithniú a bhí déanta ar ‘Spriocanna na Fondúireachta’. ‘Seárd atá i gceist le ‘spriocanna’ ná an liosta de ghníomhaíochtaí molta do chlubanna. Tá an liosta laghdaithe, tá 40 acu ann anois – 15 ag teastáil do bhonn cré-umha, 25 do bhonn airgid agus 35 do bhonn óir. Luaigh Clíodhna go raibh roinnt spriocanna riachtanacha ann anois, agus go bhfuil sé de chead ag clubanna spriocanna dá gcuid féin a chumadh agus a chur san áireamh, muna bhfuil siad ar an liosta. Tá an t-eolas ar fad le léamh go soiléir sa lámhleabhar snasta nua-fhoilsithe.
Bhriseamar suas i ngrúpaí ansin , faoi threoir chainteoirí áirithe. Chuaigh na clubanna a raibh suim acu bonn óir a bhaint faoi stiúir Séamie Ó Néill, CLG Baile Buadáin Naomh Éanna agus Oifigeach Gaeilge Bhord Átha Cliath. Is le Conor Ó Gallchóir CLG Cloch Ceannfhaola, Co. Dhún na nGall a chuaigh lucht an bhoinn airgid, agus labhair Seán Ó Maoilsté agus Seán de Paor, Oifigigh Forbartha, leo siúd atá chun iarratas ar bhonn cré-umha a dhéanamh.
D’fhill na hionadaithe ar an bpríomh-sheomra ansin agus d’ith siad lón breá i dteannnta a chéile, curtha ar fáil ag Páirc an Chrócaigh.
Agus iad ag fágáil slán lena chéile, d’aontaigh na hoifigigh gur lá fiúntach a bhí ann, agus chuaigh siad amach faoi ghrian an Earraigh chun filleadh ar a gclubanna, neartaithe agus spreagtha ag na comhráití a tharla i bPáirc an Chrócaigh ar an 21ú Márta. Is féidir gailearaí na Comdhála a fheiceáil anseo.