Ar an 21ú Márta 2026, beidh Comhdháil Náisiúnta Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar siúl arís i bPáirc an Chrócaigh idir 12.00 – 4.00 i.n. Beidh an chomhdháil seo dírithe ar chlubanna CLG atá ag súil le dul faoi mholtóireacht do bhoinn FSMD chré-umha, airgid nó óir i rith 2026.
Tar éis rath na comhdhála anuraidh, a thug le chéile ionadaithe ó chlubanna ar fud na tíre chun dea-chleachtas a roinnt agus inspioráid a thabhairt dá chéile, táthar ag súil le lá eile spreagúil lán eolais agus comhoibrithe arís eile i mbliana. Is é aidhm na hócáide ná treoir phraiticiúil a thabhairt do chlubanna agus iad ag tabhairt faoi na spriocanna úra agus ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol a gclub.
Beidh aoichainteoirí speisialta linn i mbliana: Seamie Ó Néill, Oifigeach Gaeilge & Cultúir le Bord Contae Bhaile Átha Cliath, agus Conor Ó Gallachóir, Oifigeach Gaeilge agus Cultúir le Bord Contae Dhún na nGall. Roinnfidh an bheirt acu a dtaithí agus a léargais ar conas gur féidir an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh i ngníomhaíochtaí agus i gcultúr an chlub. Tá bonn óir na Fondúireachta bainte amach ag club Seamie, CLG Baile Buadáin Naomh Éanna agus bonn airgid bainte amach ag club Conor, Cloich Cheann Fhaola CLG.
Chomh maith leis na haoichainteoirí, beidh seisiúin phlé i ngrúpaí beaga ann, dírithe go sonrach ar na trí leibhéal – cré-umha, airgead agus ór. Tabharfaidh sé seo deis do chlubanna plé oscailte a dhéanamh ar spriocanna, ar dhúshláin agus ar dheiseanna, agus foghlaim ó chlubanna eile atá ar an turas céanna. Molann muid go láidir go mbeidh ionadaithe i láthair ó chlubanna atá ag dúil le bonn a bhaint amach i mbliana.
Beidh an chomhdháil seo ina deis luachmhar do chlubanna struchtúr agus treoir a fháil agus iad ag ullmhú don mheasúnú i 2026, agus chun líonraí tacaíochta a neartú ar fud an Chumainn. Táthar ag súil go mbeidh atmaisféar dearfach, comhoibríoch agus lán fuinnimh le brath arís i gceanncheathrú an CLG.
Cuirfear sólaistí ar fáil ar an lá agus is féidir clárú anseo.