Maidin Shathairn an 13ú Meán Fómhair, bhailigh baill Chumainn Lúthcheas Gaeil ó na ceithre chúigí isteach i bPáirc an Chrócaigh chun freastal ar an gcéad chomhdháil riamh a d’eagraigh an Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ó bunaíodh í i 2016.
Chuir Oifigeach Gaeilge an CLG, Jamie Ó Tuama, fáilte chroíúil roimh na baill agus ceann de na dualgaisí a bhí air ná bainisteoir nua rannóg Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha de chuid Ghlór na nGael, Cáit Ní Choirbhín, a chur in aithne don slua, agus buíochas a ghabháil leis an iarbhainisteoir, Caitríona Nic Seoin, a bhí tar éis an oiread sin a dhéanamh ar son na heagraíochta. Go n-éirí go geal le Caitríona ina post nua.
Labhair Cáit ansin agus rinne sí cur síos suimiúil ar an bhFondúireacht féin agus thaispeáin sí roinnt físeáin a deineadh ag an mBronnadh i Mí na Nollag.
Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimh an chéad aoichainteoir ansin, Séamie Ó Néill ó CLG Baile Buadáin Naomh Éanna, club ar bronnadh bonn óir orthu ag an
mbronnadh sin i Mí na Nollag, 2024. Mhínigh Séamie gur club ollmhór é Baile Buadáin le 4,400 ball agus 235 foireann curtha chun páirce. Thosaigh an turas áirithe seo i 2020, agus bronnadh bonn cré-umha ar an gclub i 2021. Ó shin i leith, is liosta le háireamh é an méid imeachtaí atá curtha ar bun ag an gclub – turas bliantúil ar an nGaeltacht, cór lánGhaeilge, Oíche na nGradam, Tráth na gCeist agus Rith Páirce ina measc, mar aon le go leor eile. Molann Séimie coiste a thoghadh agus an obair a roinnt orthu. ‘Rud amháin ag duine amháin’ in aghaidh na bliana an manna atá aige. In ainneoin na ndúshlán, ba léir gur bhain Séamie agus a chomhghleacaithe taitneamh as an dtionscnamh, agus bhain a raibh i láthair an-taitneamh as éisteacht leis i bPáirc an Chrócaigh.
Suas le Cáit Uí Chonchúir ansin, an dara aoichainteoir. Ball de CLG Na Gaeil, Tra Lí, í Cáit agus thug sí cur síos iontach spreagúil ar an méid atá bainte amach ag an gclub go dtí seo. Níl aon chlub i gCiarraí níos óige ná Na Gaeil ach má tá na clubanna eile chomh heagraithe leo ní baol dóibh. Bhuaigh Na Gaeil bonn airgid anuraidh agus is léir ón méid a dúirt Cáit go raibh sé tuillte go maith acu. Dúirt sí gur chuidigh an Fhondúireacht leo struchtúr a chur ar an gclár a bhí ag freastal ar an spéis sa Ghaeilge, atá forleathan sa chlub iontach seo. Thosaigh siad amach le beannachtaí i nGaeilge, fógraí dhátheangacha, postálacha i nGaeilge ar na meáin agus ceol Gaelach. Ba leor é sin chun an bonn cré-umha a ghnóthú, ansin rinne siad forbairt an-mhór sa dara bliain agus iad ag cuartú an airgid. I measc na rudaí a d’eagraigh siad, bhí Ranganna Gaeilge don Phobal, Maidineacha Caife, Pop Up Gaeltachtaí, Tráth na gCeist agus Scoláireachtaí Gaeltachta. Thug siad faoi deara go raibh daoine ag baint taitnimh as an nGaeilge a úsáíd. Anois tá atmaisféar iontach dearfach le mothú sa chlub. Tá an club níos fearr as dá bharr, a deir Cáit. Tá sé mar aidhm acu bonn óir a bhaint amach agus cé déarfadh nach n-éireoidh leo?
Molann Cáit do chlubanna nua coiste a bhunú agus tosú amach le roinnt bheag spriocanna- de réir a chéile a thógtar na caisleáin . Bhí na daoine ag an gComhdháil an-tógtha le Cáit agus leis an méid a bhí le rá aici.
Nuair a bhí Cáit críochnaithe, bhí deis ag na rannpháirtithe plé a dhéanamh i ngrúpaí agus ba léir go raibh daoine spreagtha ag an méid a chuala siad.
Mar sin, tar éis lóin éadroim, d’fhág muintir na Fondúireachta slán lena gcairde, ag rá go raibh siad ag tnúth le castáil ar a chéile arís ag an mBronnadh ar an 14ú Samhain, ar ais i gceanncheathrú an Chumainn.