Site logo

Comharchumann Mhic Dara – Buaiteoirí Phríomhdhuais Ghlór na nGael 2022

Bronnadh duaiseanna Ghlór na nGael ag ócáid speisialta in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair oíche Shathairn 26 Márta 2022.  B’iad Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Gaillimh a thug príomhdhuais Ghlór na nGael ina bhaile leo agus seic le haghaidh €15,000.  Duaischiste de luach €80,000 ina iomláine a bronnadh ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail agus cumainn 3ú leibhéal, mar aitheantas ar an obair a dhéanann siad leis an Ghaeilge a neartú agus a bhuanú.

Bronnadh mórdhuaiseanna eile ar Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire agus An Droichead, Béal Feirste i measc eile.

Bronnadh an gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael, ar Bláthnaid Ó Brádaigh agus Helen Ó Murchú, mar aitheantas ar an obair fadsaoil atá déanta acu beirt ar son na teanga.

Bhí Mairéad Ní Mhaonaigh ina aoi speisialta ar an oíche agus bhí urraitheoirí ó go leor eagras i láthair, Foras na Gaeilge, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Údarás an Gaeltachta ina measc.

 

Príomhdhuais Ghlór na nGael

Céad áit €15,000 & Trofaí Foras na Gaeilge: Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

Dara áit, €5,000 : Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Co. Dhún na nGall

 

Gradam Ghlór na nGael

Helen Ó Murchú agus Bláthnaid Ó Brádaigh

 

Buaiteoirí – Duaiseanna Ghlór na nGael 2021

Duaiseanna Rannóige an Chomórtais

An Óige:
Céad áit, €3,000 : Pobal ar a’n Iúl, an Ómaigh
Dara áit, €2,000 : Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire

An Teaghlach:
Céad áit, €3,000 : Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire
Dara áit, €2,000 : Pobal ar a’n Iúl, an Ómaigh

Oideachas:
Céad áit, €3,000 : An Droichead, Béal Feirste
Dara áit, €2,000 : Coiste Forbartha Charn Tóchair, Doire

Sláinte Intinne & Coirp:
Céad áit, €3,000 : Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Tír Chonaill
Dara áit, €2,000 : Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua

An Stát agus Gnó:
Céad áit, €3,000 : Cill Dara le Gaeilge
Dara áit, €2,000 : Líonra Leitir Ceanainn

Cosaint Comhshaoil, Oidhreacht, Spioradáltacht:
Céad áit, €3,000 : Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua
Dara áit, €2,000 : Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Tír Chonaill

Imeachtaí agus Deiseanna Labhartha na Gaeilge:
Céad áit, €3,000 : Glór na Móna, Béal Feirste
Dara áit, €2,000 : Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Tír Chonaill

Rannóg na Gaeltachta:
Céad áit, €3,000 : Comharchumann Ráth Chairn, Contae na Mí
Dara áit, €2,000 : Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua

Duaiseanna Speisialta an Chomórtais

Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe, €1,500 : Craobh Mhaigh Cuilinn

Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall, €1,500 : Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille

Duais an Fháinne, urraithe ag Gael-Linn, €500 : Cultúrlann Uí Chanáin, Doire

Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta, £1,500 : Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste

Duais Chló Iar-Chonnacht, luach €1,000 : Conradh na Gaeilge, Bóirche Íochtar, Contae an Dúin

Duais an Oireachtais, €500 : Cumann Forbartha Chois Fharraige

Duais an Fhorais Pátrúnachta, €1,000 : Muineachán le Gaeilge

Duais COGG, €2000 : Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

Duais don Iontráil Nua is fearr, €1,000 : Pleanáil Teanga Árainn Mhóir

Duais don Choiste Deonach is fearr, €1,000 : Coiste Forbartha Chnoc Fola

Duais Aitheantais, €1,000 : Comharchumann Ráth Chairn