Site logo
 

Forbairt Pobail

Tá áit lárnach ag forbairt na Gaeilge i measc an phobail ar chlár oibre Ghlór na nGael. Aithníonn Glór na nGael gurb í atá i gceist le forbairt pobail ná gníomh chun freastal ar riachtanais an phobail. Chuige seo tá scéimeanna agus seirbhísí ar leith ar fáil:

 

Comórtas Náisiúnta

Bunaíodh Comórtas Ghlór na nGael breis agus 50 bliain ó shin chun aitheantas a thabhairt ar obair choistí agus ghrúpaí pobail ar fud na tíre i gcur chun cinn na Gaeilge. Tá fás suntasach tagtha ar an gcomórtas thar na blianta agus duaischiste de níos mó ná €80,000 aige.

Timireacht

Tá Foireann Ghlór na nGael ann chun cuidiú agus comhairle a sholáthar don earnáil deonach Gaeilge.  Trí chuairteanna rialta timireachta, cuirfidh Glór na nGael seirbhís leanúnach comhairleoireachta ar fáil do ghréasan leathán de choistí/grúpaí pobail i rith na bliana. 

Céimeanna

Is é cuspóir na scéime seo ‘Céimeanna’ ná cur chuige tomhaiste, straitéiseach agus éifeachtach i dtaobh cur chun cinn na teanga de a chothú i measc coistí pobail. Is mian linn cuidiú le grúpaí úra agus grúpaí beaga chun bheith in ann a mianta féin maidir leis an Ghaeilge sa phobal a chomhlíonadh. 

Eolas agus foirmeacha anseo: