Tá Glór na nGael, i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael, ag glacadh le hiarratais ar dheontais ó chlubanna atá cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh babhta 1 den scéim i 2022.
Tá deontas de suas le €500 ar fáil anois do chlubanna atá rannpháirteach sa scéim teanga Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Incháilithe faoin scéim deontais seo tá tionscadail agus imeachtaí a chuireann úsáid agus foghlaim na Gaeilge chun tosaigh i measc an chlubphobail. Cuirfidh an Fhondúireacht maoiniú meaitseála ón chiste ar fáil d’imeachtaí incháilithe ar bhonn €2 do gach €1 a chuireann an club féin ar fáil. Tá uasmhéid de €500 ar dheontas a thabharfar d’aon chlub sa bhabhta seo, sin €750 san iomlán le caitheamh ar thionscadal le bunsíntiús an chlub san áireamh.
Déan teagmháil leis an Oifigeach Forbartha ag Glór na nGael chun foirm iarratais a fháil maraon le heolas ar théarmaí agus ar choinníollacha na scéime. Tá an maoiniú seo ar fáil ag clubanna atá cláraithe amháin. Mar sin, moltar d’aon chlub eile a chuirfeadh suim sa deontas teagmháil a dhéanamh le Glór na nGael chun clárú leis an bhFondúireacht. Is é an Luan, 21 Márta 2022, an dáta deiridh iontrála don scéim seo.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.