Tá Glór na nGael ag glacadh le hiarratais ar dheontais ó chlubanna atá cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh bhabhta 1 den scéim i 2020.
Tá deontas de suas le €500 ar fáil anois do chlubanna atá rannpháirteach sa scéim teanga Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Incháilithe faoin scéim deontais seo tá tionscadail agus imeachtaí a chuireann úsáid agus foghlaim na Gaeilge chun tosaigh i measc an chlubphobail. Cuirfidh an Fhondúireacht maoiniú meaitseála ón chiste ar fáil d’imeachtaí incháilithe ar bhonn €2 do gach €1 a chuireann an club féin ar fáil. Tá uasmhéid de €500 ar dheontas a thabharfar d’aon chlub sa bhabhta seo, sin €750 san iomlán le caitheamh ar thionscadal le bunsíntiús an chlub san áireamh. Imeachtaí a tharlódh idir na dátaí 1ú Eanáir agus 31 Iúil 2020 amháin a bheas incháilithe sa bhabhta seo. Is gá don iarratas a bheith réidh faoi 5:00in ar Aoine 21 Feabhra 2019.
Déan teagmháil leis an Oifigeach Forbartha áitiúil ag Glór na nGael chun foirm iarratais a fháil maraon le heolas ar théarmaí agus ar choiníollacha na scéime. Tá an maoiniú seo ar fáil ag clubanna atá cláraithe amháin. Déan teagmhail le clg@glornangael.ie chun labhairt linn faoi do chlub a chlárú leis an Fhondúireacht.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha buíoch as tacaíocht airgid i dtreo na scéime seo ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ón Chumann Lúthchleas Gael agus ó Fhoras na Gaeilge.