Is cúis áthais do Ghlór na nGael a fhógairt gur éirigh le 12 club CLG ina n-iarratais maoiniú a fháil le grúpaí Teanga Tí a bhunú taobh istigh de na clubanna.
Is fiontar breise é seo a éiríonn as Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, comhthionscadal idir Glór na nGael agus an Cumann Lúthchleas Gael.
Agus é ag gabháil comhghairdeas leis na clubanna ar éirí leo, dúirt Marcas Mac Ruairí, Bainisteoir Teanga Tí de chuid Ghlór na nGael: “Is í aidhm na Fondúireachta na go mbeidh an Ghaeilge fite fuaite in imeachtaí uile clubanna CLG.
“Is fiontar ar leith í an scéim Teanga Tí leis an Ghaeilge a fhorbairt i measc teaghlaigh an chlub agus dóchas againn go mbeidh an Ghaeilge mar theanga sa bhaile ag na rannpháirtithe sin.”
Is iad na clubanna ar iarraidh leo an deontas de €1,000 a fháil ná:
- CLG Átháin, Luimneach
- CLG Beart, Dún na nGall
- CLG Cill Chomáin, Maigh Eo
- CLG Daingean Uí Chúis, Ciarraí
- CLG Lios Póil, Ciarraí
- CLG Mac Uilín, Baile an Chaistil, Aontroim
- CLG Maigh Cuilinn, Gaillimh
- CLG Naomh Barróg, BÁC
- CLG Naomh Columba, Dún na nGall
- CLG Naomh Éanna, Gleann Ghormlaithe, Aontroim
- CLG Naomh Pól, Mungairit, Luimneach
- CLG Setanta, Baile Munna, BÁC
Tá tuilleadh eolais ar fail ó marcas@glornangael.ie
Tá Glór na nGael buíoch as an tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.