Bronnfaidh Uachtarán Cumann Lúthchleas Gael John Horan 37 bonn ar chlubanna CLG as a gcuid saothar ar son na Gaeilge ag ócáid bhronnta i bPáirc an Chrócaigh.
Oíche Shathairn, 14 Nollaig a bheas an triú ócáid bhronnta boinn ag Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael le tacaíocht agus aitheantas a thabhairt do na clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.
26 bonn cré-umha, 9 bonn airgead maraon le 2 bhonn óir atá le bronnadh ar chlubanna ó fud fad oileán na hÉireann. Dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael gur ghlac ós cionn 135 club páirt sa triú bhliain don scéim seo i 2019, méadú 40% ar 2018. “Bronnfar a gcéad bonn ‘Seosamh Mhic Dhonncha’ ar 26 club ón scéim agus an dara ceann ar chlubanna eile a fuair bonn anuraidh ach atá i ndiaidh dul chun cinn suntasach a dhéanamh rud a chiallaíonn go bhfuil leibhéal bonn airgid nó óir a bainte amach acu.
“is cúis mór áthais dúinn go bhfuil na clubanna chomh tiománta agus diograsach leis an teanga a chothú sa spórt.”
Is in ómós do Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht nua seo. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitean le linn a shaol. D’éirigh leis an post is airde a bhaint amach sa Cumann Lúthchleas Gael, mar iománaí, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh agus bhí sé ina phríomhfheidhmannach agus mar chathaoirleach ar chuid de mhór-eagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.
Thíos tá liosta na gclub a bheas ag tabhairt boinn na bhaile leo.
Bonn Óir:
- Na Fianna, CLG, Glasnaíon, Co. Átha Cliath
- CLG na Rinne, An Rinn, Co. Phort Láirge
Bonn Airgid:
- Bonn airgid Tír na nÓg CLG, Co. Aontroma
- Bun an Phobail CLG, Co. Dhún na nGall
- Toigh Chonnachta, Co. an Dúin
- Naomh Adhamhnáin CLG, Co. Dhún na nGall
- An Chloch Fhada CLG, Co. an Dúin
- CLG Charn Domhnaigh, Co. Dhún na nGall
- CLG Naomh Colum Cille, Oileán agus Cluain, Co. Thír Eoghain
- Bun Cranncha CLG, Co. Dhún na nGall
- Laochra Loch Lao CLG, Co. Aontroma
Bonn Cré-umha:
- Cloich Cheann Fhaola, CLG, Co. Dhún na nGall
- Cill Chomáin CLG, Co. Mhaigh Eo
- Micheál Mac Daibhéid CLG, Béal Feirste, Co. Aontroma
- Cumann Liathróid Láimhe Anach Cuan, Co. na Gaillimhe
- Naomh Columba CLG, Co. Dhún na nGall
- Ui Chonaill Doire Loin, Co. Fhear Manach
- Na Cláirseacha CLG, An Chraobh, Co. Thír Eoghain
- An tSean Phobail CLG, An Sean Phobal, Co. Phort Láirge
- Na Ceithre Máistir CLG, Co. Dhún na nGall
- Ard Eoin CLG, Co. Aontroma
- Réamoinn Uí hAnluain CLG, Co. Ard Mhacha
- Gleann tSuilí CLG, Co. Dhún na nGall
- Mac Uílín CLG, Co. Aontroma
- An Tulach Mhór CLG, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí
- Droim Gath CLG, Co. an Dúin
- An Beart CLG, Co. Dhún na nGall
- Eiméid CLG, Lios Na Sceithe, Co. Fhear Manach
- Naomh Seosamh CLG, Gleann Eallaigh, Co. Thír Eoghain
- Cumann Peile Thomáis Dáibhis, Co. Ard Mhacha
- Cill Náile Brian Ó Bóraimhe CLG, Co. Fhear Manach
- Naomh Éanna CLG, Gleann Ghormlaithe, Co. Aontroma
- Fianna Oileán an Ghuail CLG, Co. Thír Eoghain
- Craobh Rua Camlocha, Co. Ard Mhacha
- Naomh Iosáf CLG, Baile Crann, Co. an Dúin
- Gaeil Leitir Ceanainn CLG, Co. Dhún na nGall
- Naomh Peadar CLG, An Lorgain, Co. Ard Mhacha