Clárúchán Oscailte do Scéim Aitheantais do Bhoird Chontae

Tá Glór na nGael ag cur fáilte roimh Bhoird Chontae CLG ar fud na tíre clárú le Scéim Aitheantais do Bhoird Chontae de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, atá anois oscailte. 

Cuireadh tús leis an scéim anuraidh mar chuid d’iarracht leanúnach chun an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn ag leibhéal an chontae. Le linn na chéad bliana den scéim, d’éirigh le cúig bhord contae aitheantas oifigiúil a bhaint amach, mar thoradh ar an obair fhiúntach a rinne siad. 

Tá an scéim dírithe ar thacaíocht agus treoir a thabhairt do Bhoird Chontae ar mian leo cur le húsáid agus le feiceálacht na Gaeilge ina gcuid oibre laethúla. Tugtar deis do na boird páirt a ghlacadh i gclár struchtúrtha atá bunaithe ar sé phríomhchatagóir:

  1. Struchtúr an Chontae
  2. Feiceálacht na Gaeilge
  3. Foghlaim na Gaeilge
  4. Úsáid na Gaeilge
  5. Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha
  6. Marcanna Breise

Tríd na catagóirí seo, spreagtar na boird chun pleanáil straitéiseach a dhéanamh don Ghaeilge, í a chur chun cinn go poiblí, agus deiseanna foghlama agus úsáide a chruthú do bhaill agus don phobal i gcoitinne.

Ag labhairt di ar an ghné nua seo d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, dúirt Cáit Ní Choirbhín, Bainisteoir forbartha na Fondúireachta, “Rinne muid scéim phíolóta den scéim aitheantais do bhoird contae anuraidh agus bhí muid iontach sásta go raibh cúig bhord contae linn ag cur le feiceálacht agus le húsáid na Gaeilge sa CLG agus ag cur leis an mheas a léirítear di. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil an cineál sin tacaíochta ó na boird chontae ar fáil do na clubanna atá páirteach i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha.”

Bhí Muineachán CLG ar cheann den chúig chontae a bhain amach aitheantas anuraidh. Ag caint ar an scéim, dúirt Mícheál Ó Corragáin, Oifigeach Gaeilge CLG Mhuineacháin, “Bhí lúcháir ar chontae Mhuineacháin bheith i measc an chéad dream a thug faoin scéim aitheantais do na Boird Chontae. Tugann an creatlach seo tuiscint don choiste bainistí agus do na fochoistí ar ar féidir linn a dhéanamh lenár dteanga a chur chun tosaigh ar bhealach a mheallann daoine bheith páirteach ar an pháirc, ar an ardán agus ar bhonn sóisialta. Míle buíochas leis na daoine sin ar fad atá i gcroílár an tionscadail seo, ag cinntiú go bhfuil túsáite ag an Ghaeilge i ngnáthimeachtaí an CLG agus an tsaoil laethúil. Tá súil agam go dtacaíonn gach contae leis an scéim a chuideoidh leo an Ghaeilge a chur chin cinn.”

Is deis iontach í an Scéim Aitheantais do Bhoird Chontae do gach bord atá tiomanta don teanga, agus atá ag iarraidh ról gníomhach a imirt i bhforbairt na Gaeilge sa phobal CLG.

Moltar do Bhoird Chontae ar spéis leo páirt a ghlacadh sa scéim clárú anois agus leas a bhaint as an tacaíocht agus as an aitheantas a bhaineann leis an tionscnamh seo.
Is féidir clárú anseo.

Roghnaigh do theanga / Choose your language