Clárú oscailte anois do Ghradaim Gnó na hÉireann 2026

Tá clárú oscailte anois do Ghradaim Gnó na hÉireann 2026, agus ba mhór againn fáilte a chur roimh do ghnó a bheith páirteach.

Tar éis bliain den scoth in 2025, le rannpháirtíocht láidir ó gach cearn den tír agus aitheantas tuillte ag réimse leathan gnólachtaí, táimid ag súil le bliain iontach eile in 2026. 

Is scéim náisiúnta aitheantais agus tacaíochta í Gradaim Gnó na hÉireann, arna reáchtáil ag Glór na nGael, a cheiliúrann gnólachtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn le bród agus le cuspóir, bíodh sin le feiceáil ar chomharthaíocht, i mbrandaíl agus i margaíocht, nó i seirbhís do chustaiméirí. Féadfaidh gnólachtaí iarratas a dhéanamh ar chatagóir amháin nó ar gach catagóir, ag brath ar a bhfuil ar bun acu.

Cuirtear treoir agus tacaíocht phraiticiúil ar fáil i rith an phróisis ar fad agus bronntar Gradaim Cré-umha, Airgid agus Óir mar aitheantas ar dhul chun cinn agus ar thiomantas na rannpháirtithe.

Cláraigh anois agus léirigh don phobal go bhfuil meas ag do ghnó don Ghaeilge agus do lucht labhartha na Gaeilge.

https://www.glornangael.ie/gradaim/claraigh/

Roghnaigh do theanga / Choose your language