Site logo

Cláraigh anois le haghaidh Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2018

Tá muid anois ag clárú clubanna le haghaidh Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2018.  Más mian leat do chlub a chlárú linn chun leas a bhaint as seirbhísí na Fondúireachta le linn 2018 moltar teagmháil a dhéanamh leis an ionadaí atá againn i do cheantar féin.  Féach an liosta thíos chun teacht ar na sonraí teagmhála cuí.

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.  Cuireann foireann Ghlór na nGael cuidiú, comhairle agus tacaíocht ar fáil do chlubanna atá cláraithe chun pleananna a chur le chéile leis an Ghaeilge a chur chun tosaigh.  Is féidir deontas a lorg ón Fhondúireacht chun cuidiú le pleananna sin a chur i gcrích agus bronnfar bonn ar na clubanna as méid áirithe a bhaint amach ar son na teanga.

Áine Seoighe – aine@glornangael.ie – An Lú, An Mhí , Cill Dara

Áinín Uí Chaiside – ainin@glornangael.ie – Muineachán, Ard Mhacha, An Dún, Aontrom

Cabríní de Barra – cabrini@glornangael.ie – Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge, Tiobráid Árainn, Cill Cainnigh

Dara Ó Baoill – dara@glornangael.ie – Luimneach, An Clár, Gaillimh, Maigh Eo

Nóirín Bairéad – noirin@glornangael.ie – Báile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Ceatharlach, Loch Garman

Sinéad Ní Mhearnóg – sinead@glornangael.ie – Dún na nGall, Doire, Tír Eoghain, Fear Manach

Úna Ní Chonaire – una@glornangael.ie – Sligeach, Liatrom, Ros Comáin, Longfort, An Cabhán, Iar Mhí, Uíbh Fhailí, Laois

Tá tuilleadh eolais faoin Fhondúireacht anseo