Site logo

Clár Oiliúna na gCoistí Pobail 2022 – Leaschleachtais Rialachais san Earnáil Neamhbhrabúsach

Cuirfear fáilte roimh choistí atá cláraithe le Glór na nGael chuig ceithre seisiún oiliúna le Dónall Ó Braonáin*, mar chuid de chlár oiliúna na gcoistí pobail 2022, arna eagrú ag Glór na nGael i gcomhar le Foras na Gaeilge.

Beidh fáilte roimh choistí agus roimh chlubanna CLG atá cláraithe linn freastal ar na seisiúin, saor in aisce.
Is gá réamhchlárú. Níl le déanamh ach bhur sonraí a líonadh isteach ANSEO.

Eagrófar na seisiúin ar an Déardaoin ón 13:00 – 14:30, ar ardán ar líne (Zoom), ag tosach ar an 19 Bealtaine agus ar siúl ar feadh ceithre seachtaine.

________________________________________________________________

Leaschleachtais Rialachais san Earnáil Neamhbhrabúsach

Seisiún 1: Déardaoin 19 Bealtaine – Bunphrionsabail Rialachais

  • Feidhmeanna an Rialachais
  • An Eagraíocht Neamhbhrabúsach (NPO)
  • An tAcht Carthanais, 2009 & Cóid Rialachais
  • Ceannaireacht Straitéiseach
  • Cuntasacht, Eiticí & Dualgas Muiníne

Seisiún 2: Déardaoin 26 Bealtaine – Clár Oibre do Choistí Stiúrtha

  • Pleanáil Oibriúcháin
  • Boird, Coistí agus Fochoistí
  • Oifigigh agus Rólanna
  • Meastóireacht agus Táscairí
  • Leanúnachas agus Comharbacht

Seisiún 3: Déardaoin 2 Meitheamh – Maoirsiú Inmheánach & Bainistiú Riosca

  • Creatlacha Rialaithe agus Dearbhaithe
  • Polasaithe Airgeadais
  • Córais Airdill agus Scórála Riosca
  • Tomhas ar Thorthaí, Luach ar Airgead
  • Saineolas Seachtrach

Seisiún 4: Déardaoin 9 Meitheamh – Fostaíocht: Forléargas Rialachais

  • Fostaíocht san Earnáil Neamhbhrabúsach
  • Conarthaí, Cúiteamh agus Coinníollacha
  • Forbairt agus Bainistiú Feidhmíochta
  • Earcaíocht agus Scor
  • Polasaithe agus Próisis

________________________________________________________________

Leagan Amach
Déanfar an gearrchúrsa a sheachadadh in imeacht cheithre sheisiún oiliúna ar ardán ar líne (Zoom). Seisiúin idirghníomhacha uair go leith (90 nóiméad) a bheidh i gceist agus cuirfear

*Oiliúnóir
Tá saincháilíocht iarchéime sa rialachas ag Dónall Ó Braonáin ón bhForas Riaracháin (IPA, 2016). Tá taithí mhór aige ar cheisteanna bainistíochta agus rialachais ag leibhéal boird, coistí stiúrtha agus fochoistí boird den uile chineál san earnáil stáit, phríobháideach agus neamhbhrabúsach. Tá sé ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin agus cathaoirleach ar bhord stiúrtha Stiúideo Cuan, An Spidéal (2021- ), ina rúnaí ar Chiste Bridget Aylward (2016- ) agus ina bhall de Choiste Iniúchta Ghlór na nGael (2021- ). Roimhe seo, bhí sé ina leaschathaoirleach ar Choiste Chlár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge (2012-2015) agus ina chathaoirleach ar Iontaobhas Uí Chadhain (2014-2017).

________________________________________________________________