Site logo

Clár Téarnaimh COVID £1.4m oscailte anois

Is cúis áthais do Ghlór na nGael scéim deontas £1.4m a fhógairt do ghrúpaí atá ag feidhmiú ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn sa tuaisceart.

Tá an scéim oscailte ón 7 Eanáir 2022, agus an lá deiridh d’iarratais ná 28 Eanáir 2022. 

Tá leabhrán eolais faoin sceime ar fáil anseo agus is féidir iarratas a dhéanamh ag an nasc seo

‘Sí an aidhm atá leis an gciste seo ná easnaimh oibriúcháin a tharla le linn na bliana airgeadais 2021/22, de bharr na paindéime Covid, a laghdú nó a ghlanadh. Tá lúcháir ar Ghlór na nGael a bheith ag dáileadh maoiniú do ghrúpaí pobail in earnáil na Gaeilge atá thíos ó thaobh airgid de bharr na paindéime.

Aithníonn Glór na nGael, agus earnáil na Gaeilge ina hiomláine, an obair cheannródaíoch atá á dhéanamh ag grúpaí pobail Gaeilge ó thús na paindéime Covid-19. Tá súil ag Glór na nGael go gcuideoidh an scéim seo leis na grúpaí pobail Gaeilge sin agus iad ag atógáil i gcomhair na todhchaí agus í mar aidhm acu filleadh ar chlár iomlán seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chur ar fáil.

Tá maoiniú an chiste seo curtha ar fáil ag an Feidhmeannais agus an tAire Pobal Deirdre Hargey CTR chun tacú le heagraíochtaí a raibh tionchar diúltach airgeadais ag an phaindéim orthu sa bhliain airgeadais ón 1 Aibreán 2021 go dtí an 31 Márta 2022.

Chuir Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha Pobail, in iúl ‘In ainneoin na srianta a bhí ar ghiniúint ioncaim agus ar thionscnaimh forbartha, tá meas agus buíochas ag dul don earnáil dheonach seo as a misneach agus a dílseacht leanúnach dá bpobail.
Tá súil againn go mbeidh an ciste seo ina chúnamh dóibh”