Tá CLG Chill Chartha cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ón bhliain 2020 agus bhí ócáid mhór ceiliúrtha acu na mallaibh agus iad 100 bliain a an fhód.
Labhair ár nOifigeach Forbatha, Cáit Ní Choirbhín le hAimée Ní Bheirn an tOifigeach Gaeilge & Cultúr sa chlub maidir leis na himeachtaí ceiliúrtha agus a gcuid taithí le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar mhaithe le clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a léamhanseo nó bí i dteagmháil linn ag clg@glornangael.ie