Site logo

Ceardlann Gnó – Leitir Ceanainn

Tá Glór na nGael ag tacú le Líonra Leitir Ceanainn agus iad ag obair i dtreo Baile Seirbhíse Gaeltachta (BSG) a dhéanamh de Leitir Ceanainn.

Cuid lárnach de BSG ná go mbeidh pobal na Gaeltachta ábalta a gcuid gnó a dhéanamh go nádúrtha trí mheán na Gaeilge agus gan a bheith faoi bhrú tiontú ar an Bhéarla. Tuigeann Glór na nGael an tábhacht a bhaineann leis seo agus dá bharr tá Ceardlann Gnó dhá eagrú le eolas, comhairle agus tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí agus do dhaoine féinfhostaithe ar mhaith leo leas a bhaint as an Ghaeilge mar uirlis gnó.

Tá an Ceardlann Gnó dhá reáchtáil ar an 11 Meán Fómhair ó 18.00-20.00 in oifigí Comhairle Contae Dhún na nGall i Leitir Ceanainn.

Tá gach eolas ar fáil ó : Caitríona Nic Seoin, Oifigeach Forbartha le Glór na nGael, ag 083 448 1999 / caitriona@glornangael.ie