Site logo

Ceapacháin Stiúrthóirí Nua

Cúis áthais do Bhord Stiúrtha Ghlór na nGael gur ainmníodh ceathrar nua, ag cruinniú dá chuid 1/12/2022, mar Stiúrthóirí na heagraíochta.

Is iad an ceathrar atá ainmnithe ná:

  • Mamie Ní Chualáin, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
  • Donncha Ó hÉallaithe, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
  • Domhnall Ó Loinsigh, Inis, Co. an Chláir
  • John Downing, Droichead Nua, Co. Chill Dara.

Agus é ag cur fáilte roimh an ceathrar, thug Cathaoirleach an Bhoird Stiúrtha, Pat Carey, le fios, “gur buntáiste ollmhór don Bhord agus do ghluaiseacht na Gaeilge tré chéile an taithí fada agus fairsing atá ag na daoine atá ainmithe.”

Dar leis, “tá bunús láidir ag an Bord agus daoine le taithí ard leibhéil i réimsí éagsúla ag feidhmiú air.  Mar eagraíocht tá muid sásta go dtugann na hainmniúcháin nua seo ionadaíocht dúinn ó choistí pobail Gaeltachta/Gaeilge agus go mbeidh dea-thionchar acu ar obair na heagraíocht sna blianta amach romhainn”

Gníomhach ar an mBord reatha, tá na daoine seo a leanas;

  • Cathaoirleach Pat Carey
  • Rúnaí, Niamh de Búrca, Baile Thuama, Co. na Gaillimhe
  • Mairéad Ní Cheallaigh, Ráth Chairn, Co. na Mí
  • Damian Ó Néill, Oileán an Ghuail, Co. Thír Eoghain
  • Dónall Ó Cnámhsí, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Ghabh sé buíochas freisin leo siúd a d’éirigh as oifig le bliain anuas, ina measc:

  • An tAth Seámus Ó hÉanaigh, Co. na hIarmhí
  • Colm MagUiginn, Béal Feirste
  • An Dr Máire Ní Chíosáin, Baile Átha Cliath

Tá Glór na nGael níos fearr de thoradh a gcuid oibre dheonaí.