Tá lúcháir ar Ghlór na nGael go bhfuil an chéad bhabhta de dheontais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2026 anois oscailte.
Beidh fuinneog coicíse ó 25ú Feabhra go 12ú Márta ag clubanna atá cláraithe leis an Fhondúireacht le cur isteach ar dheontas suas le €500 le tograí Gaeilge a eagrú i gclubanna CLG. Moltar do chlubanna smaoineamh ar thograí a chuirfidh le h-úsáid rialta agus leanúnach na Gaeilge sa chlub.
Tabharfar tosaíocht d’imeachtaí rialta teaghlaigh atá á reáchtáil ag clubanna CLG agus do shraith dheiseanna úsáide Gaeilge i gclubthithe CLG agus i measc ballraíochtaí clubanna. Ní bheidh deis sa bhabhta seo iarratas a chur isteach ar mhaoiniú le haghaidh comharthaíochta ach beidh sa darna babhta i mbliana.
Ní mór do chlubanna bheith cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha sa bhliain reatha seo agus an táille €40 bheith díolta acu sular féidir glacadh le hiarratas ar mhaoiniú ón chlub. Tá am ann go fóill do chlubanna le clárú don scéim trí léiriú spéise a chur isteach anseo.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar mhaithe le clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a léamh anseo nó bí i deagmháil linn ag clg@glornangael.ie.