Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuacht Theanga Tí 5 Lúnasa 022
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuacht Theanga Tí 22 Iúil 2022
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuacht Theanga Tí 8 Iúil 2022
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuacht Theanga Tí 24 Meitheamh 2022
Beidh Lá na Gaeilge ar siúl i bPáirc Tramore Valley, Baile an Locha, Corcaigh ar an Domhnach 19 Meitheamh ó 13:00 go 16:00.
Deis do theaghlaigh agus pobal Chathair & Chontae Chorcaí tráthnóna taitneamhach saor in aisce a chaitheamh trí Ghaeilge. Beidh seastáin eolais ann chun aird a tharraingt ar thacaíochtaí & seirbhísí Gaeilge; Picnic na dTeidí le hamhráin & rannta do leanaí óga; Picnic na dTeaghlach; cluichí spraíúla ; Cúinne Leabhar & cluichí boird; ceol & ceardlanna; Giggles an Fear Grinn, Lámhchleasaíocht le Stephen McGinley & Seó Puipéad; ceol agus ceardlanna rince agus amhránaíochta ar an Sean Nós.
Beidh Glór Teaghlaigh i gCorcaigh, líonra teaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge i gCorcaigh agus Glór na nGael ag eagrú na himeachtaí, le tacaíocht ó Chiste Spreagtha Chonradh na Gaeilge. Beidh fáilte speisialta roimh teaghlaigh le Gaeilge & teaghlaigh na Gaelscoileanna a bheith i láthair.
Is féidir clárú ar Eventbrite: Lá na Gaeilge i gCorcaigh
Gach eolas ó cabrini@glornangael.ie
Má tá aon eagraíocht, grúpa Gaeilge nó Gaelscoil ar mian leo seastán eolais nó imeacht eile a chur ar siúl ar an lá, déan teagmháil le Cabríní de Barra ar 083 445 5914 chun é a phlé.
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuacht Theanga Tí 10 Meitheamh 2022
Tá sraith fócasghrúpaí á reáchtáil ag Glór na nGael do theaghlaigh sna sé chontae idir an 6-9 Meitheamh 2022.
Tá na fócasghrúpaí á n-eagrú ar son An Roinn Pobal, atá ag ullmhú straitéis don Ghaeilge faoi na coimitmintí a éiríonn as an cháipéis New Decade New Approach.
Is ag plé áit an teaghlaigh i straitéis na Gaeilge a bheas muid, le feiceáil cad iad na riachtanais atá ag teaghlaigh. Ba bhreá linn dá mbeadh teaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach linn le go gcloisfear a gcuid riachtanais siúd i dtaobh straitéis na Gaeilge.
Is spás fáilteach, gan breith, a bheas ann agus beidh éascaitheoir i láthair leis an phlé a stiúradh.
Is cuid den phróiseas comhdhearaidh é an t-aiseolas seo ó thuismitheoirí agus cuideoidh sé le straitéis Ghaeilge a fhorbairt. Léireofar meas ar thuairimí gach aon duine agus coinneofar faoi rún gach aon rud a deirtear i rith an phlé. Tá seisiún ar fáil ar líne chomh maith ar Zoom dóibh siúd nach féidir freastal ar na seisiúin aghaidh-ar-aghaidh.
Luan, 6 Meitheamh 19.00: Ionad an Carn, Carn Tóchair, Doire
Máirt, 7 Meitheamh 19.40: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste
Céadaoin, 8 Meitheamh 19.40: Ar líne ar Zoom
Déardaoin, 9 Meitheamh 19.00: Dún Uladh, An Ómaigh
Beidh lán fháilte roimh thuismitheoirí ar bith le tuairimí s’acu a roinnt.
Is féidir clárú trí ríomhphost a sheoladh chuig ceithleann@glornangael.ie (Béal Feirste & ar líne) nó sinead@glornangael.ie (Carn Tóchair agus an Ómaigh)
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar +44 (0)79 2734 9174 nó +353 (0)83 449 7443.
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuacht Theanga Tí 27 Bealtaine 2022
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuacht Theanga Tí 13 Bealtaine 2022
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuacht Theanga Tí 29 Aibreán 2022