Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuachtlitir 26 Bealtaine 2023
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuachtlitir 26 Bealtaine 2023
Bhí ionadaithe ó 18 coiste pobail Gaeilge, idir coistí Gaeltachta agus iar-Ghaeltachta, i láthair ag Ceardlann Oiliúna & Gréasánaíochta dhá lá a d’eagraigh Glór na nGael in óstán an Hodson Bay in Áth Luain le gairid (9-10 Bealtaine 2023).
Dúirt Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael go bhfuil sé tábhachtach an spás a chur ar fáil do na grúpaí pobail teacht le chéile. “Tá Glór na nGael ann le tacaíocht a thabhairt do phobal na tíre leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Ceann de na bealaigh gur féidir linn sin a dhéanamh ná ócáidí mar seo a eagrú dóibh siúd atá ag plé leis an phobal ar bhonn logánta”
Ní hé amháin go dtig leo foghlaim faoi uirlisí nua ar nós an VR, níos tábhachtaí ná sin b’fhéidir, ná tugann sé an deis dóibh aithne a chur ar a chéile, taithí s’acu a roinnt agus plé a dhéanamh ar cheisteanna agus ar théamaí comónta” a dúirt Nic Seoin.
Bhí aischothú an-dearfach ann ó na rannpháirtithe thar an dá lá. “Nuair a théim ar ais go dtí an oifig beidh mé ag féachaint cén bealach a bheidh muid ábalta sin (VR) a úsáid dúinn féin i nGaelphobal Thamhlachta. Tá a lán buntáistí ann.” a dúirt Dawn Nic Íomhair, Oifigeach Forbartha le Gaelphobal Thamhlachta. “Bhí inniu chomh suimiúil. Ag bualadh le daoine ó cheantracha eile atá ag déanamh an obair chéanna” rud a chruthaíonn deiseanna comhoibrithe sa todhchaí, dar léi.
Ba deis iontach a bhí sa seisiún gréasánaíochta dar le Dónall Ó hAiniféin, An Clár as Gaeilge. “Tá cuid mhaith de na coistí pobail go bhfuil aithne agam orthu ar an bhfón agus mé tar éis plé leo. Bhí sé go hiontach bualadh leo aghaidh ar aghaidh don chéad uair.” a dúirt sé.
Bhí an ócáid seo mar chuid de shraith ceardlanna agus deiseanna gréasánaíochta a bheidh a eagrú ag Glór na Gael le linn na bliana
Eagraíodh ceithre phríomhimeacht thar an dá lá.
Blaiseadh teic ó Foróige maidir leis na huirlisí a úsáideann siad agus iad ag obair le daoine óga, agus deis triail a bhaint astu – idir VR, Beochán, Podchraoltaí agus Dearadh Graifice. Curtha i láthair ag Tomás Rickard
Gréasánaíocht – Deis gréasánaíochta idir na hoifigigh Bailte Seirbhíse Gaeltachta, Líonraí Gaeilge, Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, agus Oifigigh Pleanála Teanga Gaeltachta
Fóraim Dúnta – Fóraim plé do Bailte Seirbhíse Gaeltachta & Líonraí Gaeilge agus grúpaí ar an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge
Cur síos ar na féidearachtaí a bhaineann le forbairt pobail comhtháite bunaithe ar an bpróiseas forbartha atá idir lámha i nGaoth Dobhair faoi láthair, le Breandán Mac Cormaic – Teacht Aniar
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuachtlitir 12 Bealtaine
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuachtlitir 28 Aibreán
Ag cruinniú Bord Stiúrtha Ghlór na nGael a bhí ar siúl in Ard Mhacha ar an Satharn 15 Aibreán fógraíodh go bhfuil Frainc Mac Cionnaith tofa le bheith ina leas-cheannasaí ar Ghlór na nGael. Is as Caisleán Uidhilín i gCo. an Dúin ó dhúchas dó agus tá sé ina bhainisteoir ar an Rannóg Fiontraíochta agus Gnó i nGlór na nGael. Ag cuir fáilte roimh an scéal dúirt Mac Cionnaith go raibh an-bhród air. “Tá mé ag súil go mór tabhairt faoin ról tacaíochta don Cheannasaí agus an ról ionadaíochta don eagraíocht.” a dúirt sé. Tiocfaidh Mac Cionnaith i gcomharbacht ar Eoghan Mac Cormaic a bheidh ag éirí as an ról mar Leas-cheannasaí ag deireadh mí Aibreán.
Ag an cruinniú chomh maith cuireadh in iúl don Bhord Stiúrtha gur céadaíodh 111 deontas, ar luach iomlán €50,338, do chlubanna CLG mar thoradh ar scéim deontais Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a bhí oscailte i mí an Mhárta. I measc na tograí a ceadaíodh deontas dóibh bhí ranganna Gaeilge, comharthaíocht, imeachtaí teaghlaigh, imeachtaí óige agus ócáidí eile úsáide teanga.
Tá deis go fóill clárú le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2023. Má tá suim agat ann bí i dteagmháil linn: clg@glornangael.ie
Ag ócáid bhronnta Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael a bhí ar siúl in Óstán Chathair Ard Mhacha oíche Shathairn 15 Aibreán 2023 bronnadh an príomhdhuais €15,000 & Trofaí Foras na Gaeilge i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael don bhliain 2022 ar Choiste Forbartha Dhobhair Teo (Ionad Naomh Pádraig). Bhain an coiste an chéad duais sa rannóg Cosaint Comhshaoil, Oidhreacht, Spioradáltacht agus an dara áit sna rannóga Teaghlaigh agus Gaeltacht den chomórtas. Tháinig Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne sa dara áit, duais €5,000 as an dara áit sa chomórtas a bhaint amach agus an príomhdhuais €3,000 sa rannóg teaghlaigh. I gComórtas na gCumann Gaelacha sna Coláistí Tríú Leibhéal bhain An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh an 1ú Duais €3,000. Duaischiste de luach €80,000 ina iomláine a bronnadh ag an ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail agus cumainn 3ú leibhéal, mar aitheantas ar an obair a dhéanann siad leis an Ghaeilge a neartú agus a bhuanú.
Bronnadh an gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael, ar Rónán Mac Aodha Bhuí as an méid atá déanta aige ó na nóchaidí i leith ar son na teanga. Ag labhairt dó leis an slua ar nasc físe as Colorado Meiriceá ghabh Rónán buíochas ó chroí le Glór na nGael as ucht an Gradam agus as an aitheantas. Rinne sé comhghairdeas leis na coistí pobail agus na cumainn 3ú leibheál uilig a bhain duais as a gcuid oibre ar son na Gaeilge.
Rinneadh moltóireacht ar obair na gcoistí in 2022 i mí Eanáir 2023. Bhí 46 coiste cláraithe don chomórtas náisiúnta agus chuaigh 42 acu faoi mholtóireacht. Bhí ionadaithe ó breis agus fiche coiste pobail i láthair ag an bronnadh chomh maith le urraitheoirí agus maoinitheoirí, Foras na Gaeilge, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Údarás an Gaeltachta ina measc.
Bunaíodh Comórtas Ghlór na nGael breis agus 60 bliain ó shin chun aitheantas a thabhairt ar obair choistí agus ghrúpaí pobail ar fud na tíre i gcur chun cinn na Gaeilge.
Céad áit €15,000 & Trofaí Fhoras na Gaeilge: Coiste Forbartha Dhobhair Teo (Ionad Naomh Páraig)
Dara áit, €5,000 : Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
Rónán Mac Aodha Bhuí
An Óige:
Céad áit, €3,000 : Cumann Forbartha Chois Fharraige
Dara áit, €2,000 : Muineachán le Gaeilge
Oideachas:
Céad áit, €3,000 : Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste
Dara áit, €2,000 : Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, Áth na Long, Co. an Dúin
An Teaghlach:
Céad áit, €3,000 : Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Dara áit, €2,000 : Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall
Sláinte Intinne & Coirp:
Céad áit, €3,000 : Togra Fiontar & Cultúr Uladh Ctr, Machaire Rabhartaigh, Co. Dhún na Gall
Dara áit, €2,000 : Glór na Móna, Béal Feirste
An Stát agus Gnó:
Céad áit, €3,000 : Líonra Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Dara áit, €2,000 : An Droichead, Béal Feirste
Cosaint Comhshaoil, Oidhreacht, Spioradáltacht:
Céad áit, €3,000 : Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall
Dara áit, €2,000 : Coiste Cheathrú Thaidhg – Dún Chaocháin, Co. Mhaigh Eo
Imeachtaí agus Deiseanna Labhartha na Gaeilge:
Céad áit, €3,000 : Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste
Dara áit, €2,000 : An Droichead, Béal Feirste
Rannóg na Gaeltachta:
Céad áit, €3,000 : Coiste Cheathrú Thaidhg – Dún Chaocháin, Co. Mhaigh Eo
Dara áit, €2,000 : Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall
Duais an Fháinne, urraithe ag Gael-Linn, €500 : Muineachán le Gaeilge
Duais Chló Iar-Chonnacht, luach €1,000 : Gaeilge Locha Riaich, Co. na Gaillimhe
Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe, €1,500 : Comhar Chuigéal, Conamara
Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall, €2,000 : Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta, £1,500 : Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
Duais an Fhorais Pátrúnachta, €1,000 : Cill Dara le Gaeilge, Co. Chill Dara
Duais Aitheantais Gradaim, €1,000 : Dúchas an Daingin, Co. Chiarraí
Duais an Oireachtais, €1000 : Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire
Duais an Timire, €750 : Cairde Teo, Ard Mhacha
Duais don Iontráil Nua is fearr, €1,000 : Na Gaeil Óga, Baile Átha Cliath
1ú Duais €3,000 – An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
2ú Duais €2,000 – Cumann Gaelach Ollscoil na hÉireann Gaillimh
3ú Duais €1,500 – Cuallacht Cholmcille, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
Duais Tras-Phobail €1,000 – An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Duais Tras-Teorainn €1,000 – An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Duais Aitheantais – Obair Mheabharshláinte €1000 – An Cumann Gaelach, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Duais Aitheantais – An Ghaeilge ar na Meáin Shóisialta €750 – An Cumann Gaelach, Ollscoil Luimnigh
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuachtlitir 14 Aibreán 2023
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuachtlitir 31 Márta 2023
Tá áthas ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil Sara Ní Chuireáin, as Gaoth Dobhair i dTír Chonaill, ceaptha ina bainisteoir ar Scéim na gCúntóirí Teanga. Scéim atá dírithe ar scoileanna a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa seacht mBaile Seirbhíse Gaeltachta agus sa trí Líonra Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga.
Is i mí Feabhra d’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D. go raibh ciste ar fiú €508,640 ceadaithe aige do Ghlór na nGael thar tréimhse dhá bhliain chun an scéim seo a reachtáil.
Tá ceithre bliana caite ag Sara Ní Chuireáin ag obair le Glór na nGael mar Oifigeach Forbartha leis an Rannóg Pobail i gceantar Dhún na nGall, Doire, Tír Eoghain, Fear Mánach agus Liatroma. Ag cur fáilte roimh a ceapachán dúirt Ní Chuireáin go mbeadh sí ag tabhairt faoi Scéim na gCúntóirí Teanga a fhorbairt láithreach.
“Tá mé ag súil go mór le a bheith ag comhoibriú le príomhoidí na scoileanna agus le Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne atá i mbun na scéime sa Ghaeltacht le blianta”
“Tá mo chroí istigh sa bhforbairt pobail Gaeilge agus ag comhoibriú leis na daoine díograiseacha atá sna Clubanna CLG agus na Coistí Pobail, tá mé ag súil go mór anois le bheith ag plé le Scéim na gCúntóirí Teanga, rud a chuirfidh leis an tacaíocht atá muidinne ag cuir ar fáil ar bhonn leanúnach do phobal Gaeilge na tíre seo.” a dúirt sí.
Táthar ag súil leis go mbeidh suas le 27 scoil in ann leas a bhaint as an mbeart seo agus go bhféadfadh tuairim is 25 cúntóirí teanga a bheith fostaithe faoin scéim agus í faoin lán seoil.
Ag déanamh comhghairdeas le Sara Ní Chuireáin dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Glór na nGael, gur cuid eile den phleanáil teanga é seo a cheanglaíonn le scéimeanna eile Ghlór na nGael ar nós Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, Céimeanna, Gradaim Gnó na hÉireann, Teanga Tí agus Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael.
“Is cinnte gur buntáiste luachmhar a bheidh sa scéim seo do na pobail sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge atá san áireamh faoin scéim.” a dúirt sé.
Tá 134 scoil ag baint leas cheana féin as Scéim na gCúntóirí Teanga de chuid na Roinne ó cheann ceann na Gaeltachta agus 113 cúntóirí teanga i mbun oibre faoi scáth na scéime atá á riar ag an dá eagraíocht Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne thar ceann na Roinne. Is é an cuspóir a bhaineann leis an scéim ná tacú le scoileanna deiseanna breise saibhrithe agus sealbhaithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail na scoileanna i gceist.