Cuireann Glór na nGael tacaíocht, cuidiú agus aitheantas ar fáil do ghnólachtaí atá i mbun an Ghaeilge a úsáid, nó ar mhaith leo í a úsáid, mar chuid den ghnó acu, nó chun seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge.
Cuid lárnach den soláthar a dhéanann Glór na nGael d’earnáil an ghnó ná an scéim GRADAIM. Is scéim aitheantais é GRADAIM do ghnólachtaí atá ag úsáid na Gaeilge mar chuid den ghnó, nó atá ag cur seirbhís trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí. Comhartha aitheanta ar an dea-chleachtas maidir le húsáid na Gaeilge sa ghnó é an gradam seo.
Tá folúntas d’Oifigeach Forbartha le líonadh sa rannóg.
Tá an ‘Sonraíocht Poist’ agus ‘Foirm Léiriú Spéise’ anseo