Cruinniú ar bhuntáistí na Gaeilge do ghnónna beartaithe ag Limistéar Pleanála Teanga an Eachréidh.
Cruinniú poiblí do phobal agus do lucht gnó an limisteár sin.
Dáta & Am: Luan 13 Bealtaine 2019 ag 20:30
Láthair: Coláiste Bhaile Chláir
Cruinniú ar bhuntáistí na Gaeilge do ghnónna beartaithe ag Limistéar Pleanála Teanga an Eachréidh.
Cruinniú poiblí do phobal agus do lucht gnó an limisteár sin.
Dáta & Am: Luan 13 Bealtaine 2019 ag 20:30
Láthair: Coláiste Bhaile Chláir
Fógraíodh buaiteoirí Gradam Gnó Chiarraí 2018 le linn Oireachtas na Gaeilge Déardaoin an 1 Samhain. Tá áthas ar Ghlór na nGael tacú leis an tionscnamh seo a thugann aitheantas do na gnónna sin a bhaineann úsáid as an nGaeilge ina gcuid oibre ó cheann ceann na bliana.
Bhronn lucht urraíochta cúig chinn de dhuaiseanna fógraíochta/airgid, mar aon le Plaic Slinne Gradam Gnó Chiarraí 2018 ar na buaiteoirí ag 8.00in san Óstán Brehon, Cill Airne. Is Oifig na Gaeilge, Comhairle Contae Chiarraí a riarann Gradam Gnó Chiarraí agus Glór na nGael atá i bhfeighil ar an moltóireacht.
Ainmníodh 9 gcinn de chomhlachtaí do Gradam Gnó Chiarraí 2018, sé sin… Seacláid na Sceilge; Supervalu Lios Tuathail; Valentia Ice Cream; Brian de Staic Teo; Bricín; Killarney Guided Walks; Aniar TV Teo; Comhar Chreidmheas Chorca Dhuibhne; Mac Domhnaill Dental agus Puffin Childcare.
Seo leanas buaiteoirí ghradaim na bliana seo agus a gcuid urraitheoirí…
‘Tugann úsáid na Gaelainne íomhá fé leith do ghnónna, rud a chothaíonn buntáiste margaíochta agus a mheallann custaiméirí nua. Bíonn éileamh ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltacht ar sheirbhísí ina dteanga féin agus is fiú freastal orthu’ arsa Roibeard Ó hEartáin, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle Contae Chiarraí.
Tá pacáiste tacaíochta ó Fhoras na Gaeilge, deis fógraíochta ar www.ciarrai.com agus tá Glór na nGael ann chun comhairle a chur ar lucht gnó maidir le forbairt na Gaelainne.
Gradam Turasóireachta ar Brian de Staic – urraithe ag Kerry’s Eye
Gradam Seirbhísí ar Comhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne – urraithe ag Radio Kerry
Gradam Seirbhísí ar Mac Domhnaill Dental – urraithe ag The Kerryman
Gradam Gaeltachta ar Aniar TV – urraithe ag Údarás na Gaeltachta
Gradam Iar-Ghaeltachta ar Bricín – urraithe ag Oifig Fiontair Áitiúil Chiarraí
Tá Glór na nGael ag tacú le Líonra Leitir Ceanainn agus iad ag obair i dtreo Baile Seirbhíse Gaeltachta (BSG) a dhéanamh de Leitir Ceanainn.
Cuid lárnach de BSG ná go mbeidh pobal na Gaeltachta ábalta a gcuid gnó a dhéanamh go nádúrtha trí mheán na Gaeilge agus gan a bheith faoi bhrú tiontú ar an Bhéarla. Tuigeann Glór na nGael an tábhacht a bhaineann leis seo agus dá bharr tá Ceardlann Gnó dhá eagrú le eolas, comhairle agus tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí agus do dhaoine féinfhostaithe ar mhaith leo leas a bhaint as an Ghaeilge mar uirlis gnó.
Tá an Ceardlann Gnó dhá reáchtáil ar an 11 Meán Fómhair ó 18.00-20.00 in oifigí Comhairle Contae Dhún na nGall i Leitir Ceanainn.
Tá gach eolas ar fáil ó : Caitríona Nic Seoin, Oifigeach Forbartha le Glór na nGael, ag 083 448 1999 / caitriona@glornangael.ie
Tá sé tábhachtach láithreacht a bheith ag an nGaeilge i gach gné de shaol an duine. Tá Glór na nGael tiománta leis an Ghaeilge a chur chun cinn san earnáil gnó agus seirbhisí Gaeilge a sholáthar. Cinnteoidh sin stádas na teanga agus úsáid na teanga i saol an duine.
Tá sé dlite ar Glór na nGael, de reir Feidhm 10 atá bronnta ag Foras na Gaeilge orainn,;
Comhairle, tacaíocht agus eolas a chur ar fáil don phobal gnó lena spreagadh le tacú le húsáid na Gaeilge ina gcuid gnónna.
SPRIOC 1. AN POBAL GNÓ A SPREAGADH LEIS AN NGAEILGE A ÚSÁID
Spreagfaidh Glór na nGael úsáid na Gaeilge ins an saol gnó agus i measc comhlachtaí beaga agus meánmhéide. Déanfar seo trí ghníomhachtaí gnólachtaí atá ag soláthar seirbhísí Gaeilge a spreagadh agus a mholadh i dtreo clárú le eolaire gnó peig.ie, ar bhonn comhphairtíochta le Conradh na Gaeilge.
SPRIOC 2. DÁTHEANGACHAS DEN SCOTH SA GHNÓ
Is scéim aitheantais nua de chuid Foras na Gaeilge é ‘Datheangachas den Scoth sa Ghnó’. Bronnfar Marc Dheimhniúcháin ar ghnóanna beaga agus meanmhéide a fhorbraíonn agus a bhaineann tairbhe as úsáid na Gaeilge mar uirlis bhreise gnó agus margaíochta. Léiríonn an Mharc Dheimhniúcháin tuiscint agus tiomantas don dátheangachas i gcúrsaí gnó. Léiríonn sé ceannasaíocht sa mhargadh i soláthar nuálaíoch seirbhíse custaiméara. Bronnfar an Mharc Dheimhniúcháin ar aon eagraíocht ghnó a thagann le critéir an ghradaim mar a leagtar síos iad i gCaighdeán an Mhairc Dheimhniúcháin.
Cuirfidh Glór na nGael tacaíocht ar fáil don sceim seo tríd;
Is féidir níos mó eolais a fháil ar thacaíochtaí Ghlór na nGael don earnáil gnó trí teagmháil a dhéanamh le eoghan@glornangael.ie
Tá Bainisteoir agus Stiúrthóir le fostú i gClub Iarscoile i gCarrickmines, BÁC 18.
Tá duine díograiseacha agus fuinniúil de dhíth chun na poist seo a líonadh.
Sonraí na bpost
25 uair in aghaidh na seachtaine atá i gceist.
Cumas/taithí faoi leith ag obair le páistí iarscoile.
Scilleana cumarsáide láidir
Gaeilge labhartha líofa (Leibhéal TEG 2 labhartha molta)
QQI Leibhéal 5 nó 6 i gcúram leanaí
Seol litir iarratais agus CV le hainmneacha bheirt mholtóra chuig:
Míde ag explorersafterschool@gmail.com roimh Dé hAoine 30ú Meitheamh 2017
Ta Glór na nGael ag eagrú Scéim Bronntanas as Gaeilge i rith mí Márta 2017, agus beidh siopaí ar fud na tíre páirteach ann. Tá aonaid taispeántais agus díolacháin á sholáthar do síopaí le mana na scéime orthu – “ Bronntanas as Gaeilge- Give a Gift as Gaeilge”.
Cuirfear réimse leathan de chluichí boird Gaeilge agus bréagain ar fáil leis na seastáin, agus é i gceist go spreagfar díolacháin earraí Gaeilge i rith Seachtain na Gaeilge.
Arsa Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, “Is léiriú iontach maith an scéim seo, ar tháirgíocht agus fiontraíocht trí Ghaeilge agus ag an am chéanna ardaíonn sé infheictheacht na Gaeilge sa saol trádála”
Má tá suim agat páirt a ghlacadh sa Scéim Bronntanas i mbliana, bí i dteagmháil le Feargal Ó Cuilinn, Bainisteoir Tionscadal feargal@glornangael.ie | 087 290 8391 / 0 46 9430974
Liosta na siopaí uilig atá páirteach cheana féin:
Contae Aontroma
Ionad na Fuiseoige, Béal Feirste
An Droichead Teo, Béal Feirste
An Ceathrú Póilí, Béal Feirste
Contae Ard Mhacha
Siopa Cult Úr, Cathair Ard Mhacha
Bóin Dé, Ard Mhacha
King’s Toys, An Céide, Ard Mhacha
Shamrock Superstore, An Céide, Ard Mhacha
Navan Centre, Ard Mhacha
Baile Átha Cliath
Village Bookshop, Terenure
Ceatharlach
Eoin Heneghan, Fairgreen Shopping Centre, Ceatharlach
Beatrice Byrne, 16 Dublin Street, Ceatharlach
Contae Chiarraí
Siopa an Bhuailtín, Baile An Fheirtéirigh, Trá Lí
Polymath Books, 1-2 Courthouse Lane, Trá Lí
Lár Ionad Oideachais & Bréagáin, Daingean Uí Chúis
Contae an Chláir
Scéal Eile, Inis
Ennis Bookshop, Inis
Contae Chill Dara
Bookhaven, Nás na Ríogh
Cill Mhantáin
Hopkin’s Toymaster, An Phríomhshráid, Cill Mhantáin
Malone’s Bookshop, An Phríomhshráid, Cill Mhantáin
Contae Chorcaí
Centra Uí Dhuinnín, Béal Átha an Ghaorthaigh
Gael-Taca, Port Uí Shúilleabháin, Cathair Chorcaí
Doire
Cultúrlann Uí Chanáin, Cathair Dhoire
Contae an Dúin
Walkers, Caisleán Uidhlín
Bagenal’s Castle, Iúr Chinn Trá
Gibney’s Convenience Store, Dún Phádraig
Contae Dhún na nGall
Oideas Gael, Gleann Cholm Cille
Áislann Chill Chartha, Cill Chartha
Áislann Rann na Feirste
Ionad Naomh Pádraig, Dobhar
An tSeanbheairic, An Fhál Carrach
Sprint Educational Supplies, Leitir Ceanainn
Sprint Educational Supplies, Baile Dhún na nGall
Contae na Gaillimhe
Oifig an Phoist, Cill Chiaráin
Siopa Centra, Casla
Niall Quinn, An Siopa Leabhar, Maigh Cuilinn
Eurospar, An Cheathrú Rua
Contae na hIarmhí
Castle Giftshop, Baile Átha Luain
Cormicans, Baile Átha Luain
Contae Laoise
Whelehans Newsagents, Portarlington
Nook & Cranny, Portlaois
Contae Longfort
J&M Giftstores, Edgeworthstown
Newsround, Ballymahon
Contae Lú
Iarsmalann Dhún Dealgan
Contae Mhaigh Eo
Ionad Deirbhile, An Eachléim An Fód Dubh
Contae na Mí
Smiths Newsagent (Oifig an Phoist), Athboy
Siopa & Caifé, Ráth Chairn
Rena Beau, Dunboyne
Contae Mhuineacháin
Rock’s Stationery, 10 Sráid na Páirce, Muineachán
Contae Phort Láirge
Oifig an Phoist, Dún Garbhán
David Walsh School & Office Supplies, Dún Garbhán
Spar, An Rinn
Freedom Scoil Surfála, Tramore
Ros Comáin
Cormican’s, Baile Ros Comáin
Co Thiobraid Árann
Siopa Chonradh na Gaeilge, An tAonach
Uíbh Fháilí
Feeny’s Day Today News, Banagher
Kelly’s CEOs, Biorra
Táimid ar lorg Oifigeach Maoirseoireachta Díolacháin! Tá gach eolas ar fáil ag an nasc thíos
Bígí airdeallach ar an spriocdháta : Dé hAoine an 17ú Feabra ar a 17.00
Proifíl poist Oifigeach Maoirseoireachta Díolacháin Eanáir 2017