Languages
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Glór Teaghlaigh 19 Feabhra 2021
(CUIDEACHTA FAOI THEORAINN RÁTHAÍOCHTA GAN SCAIRCHAIPITEAL)
Tá Glór na nGael, Ceanneagraíocht Ghaeilge, ag lorg tairisceana ó chuideachtaí iniúchóireachta agus cuntasaíochta i gcomhair soláthair seirbhísí iniúchóireachta seachtracha agus cuntasaíochta. Beidh ardchumas Gaeilge scríofa agus labhartha riachtanach do chomhlíonadh na seirbhísí seo.
Bhí ioncam 2020 na heagraíochta, a bhfuil foireann de 18 fostaithe ann, cothrom le €1,242,000, agus luach stoc cothrom le €59,000.
I measc na seirbhísí a bheidh de dhíth, tá;
Seirbhís cuntasaíochta
Seirbhís Iniúchóireachta
Is féidir tairiscint a dhéanamh do sheirbhís iniúchóireachta agus ar sheirbhísí cuntasaíochta le chéile, nó ina aonair.
Tá eolas faoi chuideachta Glór na nGael le fáil anseo.
Seol iarratas tairisceana móide praghas chuig eolas@glornangael.ie roimh an 23 Feabhra 2021.
Tá áthas orainn fógairt inniu go bhfuil síneadh ama 14 lá curtha leis an tréimhse d’ealaíontóirí aighneacht a dhéanamh le saothar comórtha ealaíne a chruthú do Ghlór na nGael, atá ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód i mbliana. Glacfar le haighneachtaí anois go dtí an 7ú Feabhra 2021 agus tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.glornangael.ie
Tugann Glór na nGael cuireadh d’ealaíontóirí aighneacht a chur chugainn roimh Dhéardaoin 24 Eanáir 7 Feabhra 2021 le saothar ealaíne a sholáthar do Ghlór na nGael ag comóradh 60 bliain ó bhunú an eagrais.
Saothar neamhspleách, déthoiseach nó tríthoiseach, a suífear lasmuigh d’ardoifig Ghlór na nGael i Ráth Chairn, Co na Mí. Míneoidh an saothar 60 bliain d’obair fhorbartha i measc pobal na Gaeilge ar fud na hÉireann. Ainmneoidh an saothar na buaiteoirí náisiúnta ó 1961 ar aghaidh.
– An coincheap: 60 bliain. Obair fhorbartha pobail. An Ghaeilge
– Buaine: Ní mór go mbeidh an saothar téagar agus buan (ach inbhogtha más gá amach anseo)
– Buiséad: uasmhéid €10,000
– Amlíne:
Spriocdháta d’aighneachtaí: DÚNTA
Spriocdháta roghnaithe: 28 Eanáir
Spriocdháta críochnaithe: 30 Meán Fómhair 2021
Lorcán Mac Gabhann
Ceannasaí
Tá 48 bonn ‘Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha’ á mbronnadh ar chlubanna CLG as a gcuid saothar ar son na Gaeilge an tseachtain seo.
33 bonn cré-umha, 12 bonn airgid mar aon le 3 bhonn óir atá le bronnadh ar chlubanna ó fud fad oileán na hÉireann. I dteachtaireacht ó Sheán Ó hÓráin, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, rinne sé comhghairdeas leis na clubanna ar fad ar éirigh leo boinn a bhaint amach sa bhliain thar a bheith aisteach seo.
“Tá éacht mhór déanta acu uile an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid clubanna. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh ach go háirithe leis na trí chlub ar éirigh leo an bonn óir a bhaint amach. Cumann Naomh Anna, Leitir Móir, Cumann Micheál Breathnach, Indreabhán, agus CLG Naomh Éanna, Gleann Ghormlaithe. Tá ról fíorthábhachtach ag an nGaeilge i gCumann Lúthchleas Gael agus molaim go mór a gcuid oibre agus an dea-shampla atá leagtha síos acu.”
Dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael gur ghlac 196 club páirt sa cheathrú bliain don scéim seo i 2020, méadú 45% ar 2019. “Is cúis mhór áthais dúinn go bhfuil líon na gclubanna atá páirteach ag dul i méid bliain i ndiaidh bliana agus go bhfuil siad chomh tiomáinte agus díograsach leis an teanga a chothú sa spórt.”
Is in ómós do Sheosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht nua seo. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitinne le linn a shaol. D’éirigh leis an post is airde a bhaint amach sa Chumann Lúthchleas Gael, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh mar iománaí agus bhí sé ina phríomhfheidhmeannach agus mar chathaoirleach ar chuid de mhóreagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.
Thíos tá liosta na gclub a bhfuil bonn bainte amach acu. Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ag www.glornangael.ie/clg
Naomh Éanna CLG, Gleann Ghormlaithe Co. Aontroma
Naomh Anna Leitir Móir CLG, Co. na Gaillimhe
Cumann Mícheál Breathnach CLG, Co. na Gaillimhe
An Beart CLG, Co. Dhún na nGall
Cumann Báire Setanta CLG, Co. Átha Cliath
Cumann Caide na Gaeltachta CLG, Baile na nGall Co. Chiarraí
Cloich Cheann Fhaola, CLG, Co. Dhún na nGall
Cill Chomáin CLG, Co. Mhaigh Eo
Cumann Liathróid Láimhe Anach Cuan Co. na Gaillimhe
Naomh Colmcille CLG, Baile an Bhiataigh, an Mhí Co. na Mí
Áit Tí Chathail CLG, Co. an Dúin
Fine Ghallainn, CLG, Co. Átha Cliath
Cárna Caiseal CLG, Co. na Gaillimhe
Daingean Uí Chúis, CLG, An Daingean Co. Chiarraí
Cumann Peil na mBan Maigh Cuilinn Co. na Gaillimhe
Naomh Séamas CLG, Co. Aontroma
Cumann Naomh Pádraig, Droichead Mhaigh Eo Co. an Dúin
Na Dúnaibh CLG, Co. Dhún na nGall
Naomh Muire Íochtar na Rosann CLG, Co. Dhún na nGall
Oileáin Árann CLG, Co. na Gaillimhe
Long Cogaidh CLG, Co. Átha Cliath
Naomh Fionnbarra, Cabrach. Co. Átha Cliath
Gaeil Raghnallach Co. Átha Cliath
Atháin CLG, Lios na Graí Co. Luimnigh
Cúl CLG, Co. Chiarraí
Éire Óg, CLG, Inis Co. an Chláir
Cumann Peil Uí Chomhraí CLG, Co. an Chláir
Lámh Dhearg CLG, Co. Aontroma
Naomh Mochaí CLG, Co. an Dúin
Ard Cloch CLG, Co. Chill Dara
Gort na Móna Co. Aontroma
Cluain Tarbh CLG, Co. Átha Cliath
Oileán na hÉireann Co. Átha Cliath
Gaeil Triúcha CLG, Co. Mhuineacháin
Éire Óg CLG, An Charraig Mhór (Iománaíocht) Co. Thír Eoghain
An Droim Mór CLG, Co. Thír Eoghain
Seamróga CLG, Ros Liath Co. Fhear Manach
Naomh Colmcille CLG, An Charraig Mhór Co. Thír Eoghain
Baile Dic CLG, Co. Chill Chainnigh
Cluain Dá Ghad CLG, Co. an Chláir
Seanchill CLG, Co. Átha Cliath
Na Solláin CLG, Co. Chill Dara
Naomh Éanna Baile Buadáin Co. Átha Cliath
Seamróga Chonachadh, CLG, Co. Chill Chainnigh
Cumann Liathróid Láimhe Mícheál Breathnach Co. na Gaillimhe
Na Mistéalaigh CLG, Caisleán an Bharraigh Co. Mhaigh Eo
Na Fíníní CLG, Co. Chill Chainnigh
Carraig Seac CLG, Co. Chill Chainnigh
Sheol an láithreoir spóirt Gráinne McElwain aip nua inniu a bheas ina áis thábhachtach agus luchmhar ag clubanna atá páirteach i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, nó ag aon duine eile a chuireann spéis sa teanga.
Tá an aip ar an dá ardán, Android agus Apple.
Ina theachtaireacht le linn an tseoladh dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Seán Ó hÓráin gur áis iontach í an aip seo a chabhróidh leis na clubanna agus lena mbaill ar fud na tíre agus iad ag cur chun cinn na Gaeilge sa chlub. “Tá sé iontach go mbeidh go leor achmhainní, nuachta agus scéalta maidir le himeachtaí an Chumainn le fáil ann” a dúirt sé.
Dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, go raibh aip nua na Fondúireachta ann chun gach eolas agus áiseanna den scoth a chur ar fáil do bhaill maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna clubanna. “Is í an áis is fearr liomsa san aip seo ná na físeáin a dhéanann cur síos ar an bpleanáil teanga ar an leibhéal is bunúsaigh, agus iad dírithe ach go háirithe ar tús a chur le plean teanga i gcomhthéacs an chlub” a dúirt Mac Gabhann. Ghabh sé buíochas le Roinn na Gaeltacha, Foras na Gaeilge, foireann Pháirc an Chrócaigh, Uachtarán CLG Seán Ó hÓráin agus le foireann Ghlór na nGael, ag rá nach mbeadh an Fhondúireacht chomh láidir is atá gan a dtacaíocht.
D’fháiltigh Cathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge CLG, Seosamh Mac Donncha roimh an aip ar a bhfuil fáil ar eolas ar an Fhondúireacht féin agus ar an fhoireann atá ag obair i ngach réigiún. Beidh an nuacht ar fad ann mar a bhaineann sé leis an Ghaeilge agus leis an spóirt, chomh maith le nuacht thábhachtach maidir le rannpháirteachas do chlub san Fhondúireacht.
Taobh le foclóir cuimsitheach spóirt, tá físeáin Gaeilge ar an traenáil agus scileanna spóirt, gearrscannáin agus ceachtanna teanga. Tá podchraoltaí, áiseanna foghlamtha agus teagaisc, eolas ar an phleanáil teanga agus ar eagraíochtaí agus pobal na Gaeilge.
Tá féilire ann le dátaí tábhachtacha i mbliain na Fondúireachta agus cuirfear brúfhógraí chuig úsáideoirí chun nach ndéanfar dearmad ar spriocdhátaí go deo.
Tá go leor eolais agus áiseanna an-úsáideacha ar an aip anois agus beidh muid ag cur leis i gcónaí le go mbeidh sé ina stór mór, luachmhar ag pobal na Fondúireachta agus ag pobal na Gaeilge.
Eolas faoi Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá formhór na gclubanna ag cur na Gaeilge chun cinn bealach amháin nó bealach eile. Is é cuspóir na fondúireachta seo ná na hiarrachtaí sin a fhorbairt ar bhonn tomhaiste agus pleanáilte. Cuirfidh Glór na nGael cuidiú ar fáil don Oifigeach Gaeilge i bhfoirm chomhairle, tacaíochta agus idéanna le tógáil ar an obair mhaith atá á déanamh sa chlub cheana féin. Is féidir deontas a lorg ón Fhondúireacht chun cuidiú leis na pleananna sin a chur i gcrích agus bronnfar bonn ar na clubanna as méid áirithe a bhaint amach ar son na teanga.
Bunaíodh an Fhondúireacht in 2017. Go dáta tá 196 club páirteach inti.
Déanfaidh Siún Ní Dhuinn (Léachtóir, scríbhneoir agus eagarthóir), cathaoirleacht ar shraith cainteanna ar shainábhair faoi leith a bheidh á eagrú ag Glór na nGael le linn Deireadh Fómhair 2020. Tá an phaindéim reatha ag cur brúanna ar bhaill den phobail agus is iarracht iad na cainteanna seo deis a thabhairt do ghrúpaí pobail Gaeilge dul i ngleic leo.
Craolfar na cainteanna beo ar Facebook gach Dé Luain ag 7i.n. i rith mí Deireadh Fómhair 2020.
Seo a leanas eolas faoi na hócáidí, ceann ar cheann;
Meabhairshláinte
5 Deireadh Fómhair 2020, Oíche Luan – 7.00i.n
Cainteoirí: Ríonach de hÓir Campbell (Príomh Teiripeoir i Pieta House) agus Lorcán Fingleton (Siceolaí i Seirbhísí Meabharshláinte)
Ábhar:
Faisean inbhuanaithe,
12 Deireadh Fómhair 2020, Oíche Luan – 7.00i.n
Cainteoir : Caoimhe Ní Chathail – Láithreoir
Ábhar:
Tógáil clainne
19 Deireadh Fómhair 2020, Oíche Luan – 7.00i.n
Cainteoirí : Stella Uí Chatháin – Tuismitheoir & Cáit Verling – Siceolaí Cliniciúil leis an FSS
Ábhar:
Tionscadail fhéideartha athrú aeráide
26 Deireadh Fómhair 2020, Oíche Luan – 7.00i.n
Cainteoir : Rónán Ó Dálaigh Príomhoifigeach Feidhmiúchain Thriftify
Ábhar:
Sheol Glór na nGael suíomh gréasáin do theaghlaigh Ghaeilge inniu. (Is féidir an seoladh a fheilceáil ANSEO)
Is í an údar aitheanta do pháistí, Máire Zepf a rinne an seoladh go hoifigiúil go fíorúil ar na meáin shóisialta.
Dúirt Marcas Mac Ruairí, Bainisteoir Rannóg na dTeaghlach le Glór na nGael:
“Cuireann Glór na nGael tacaíocht agus comhairle ar fáil do theaghlaigh ar fud na tíre atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Bhí sé ina chéim nadúrtha dúinn tabhairt faoi fhorbairt www.teangati.ie.
“Is cúis bróid é go bhfuil www.teangati.ie á sheoladh againn. Beidh sé ina ais lárnach do theaghlaigh ina bhfuil na páistí á dtógáil le Gaeilge. Ní amháin ábhar Ghlór na nGael féin ach ábhar tacáiochta agus úsáideach atá cruthaithe ag eagrais eile.
“Creideann Glór na nGael gur sa teaghlach a chinntítear saibhreas teanga na Gaeilge do na glúinte romhainn agus go gcuirfidh an suíomh seo le saibhreas Gaeilge dóibh siúd a bhainfidh tairbhe as.
“Tá an suíomh deartha le go mbeidh sé éascaí a úsáid agus na nascanna furasta a leanúint. Freastalóidh sé ar riachtanais do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge, riachtanais nach raibh chomhlíonta chuige seo.”
Lean sé leis: “Beidh www.teangati.ie á fhorbairt i rith an ama amach anseo agus tugann Glór na nGael cuireadh do thuismitheoirí scéal a chur chugainn má tá rudaí ar leith ar mhaith leo a fheiceáil ar an suíomh.”
Is cúis áthais do Ghlór na nGael go mbeidh ar chumas Cathaoirleach na heagraíochta, Pat Carey, buaiteoir Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2019 a fhógairt, ar an 21 Bealtaine 2020, ag 4.00i.n, i gcuideachta Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUigínn.
Déanfar buaiteoir an €20,000, urraithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Trófaí Fhoras na Gaeilge, a fhógairt ar chlár beo a chraolfar ar leathanach Facebook Ghlór na nGael agus Molscéal, TG4.
Is iad na coistí atá ar ghearrliosta an mbuaiteoirí ná;
5 Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne/Oidhreacht Chorca
Dhuibhne, Co Chiarraí
Fógrófar freisin buaiteoirí chomórtas na gCumann Gaelacha sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal ar an gclár. Is í An Roinn Oideachais agus Scileanna atá mar urra ar an gcomórtas seo agus is iad na Cumainn Gaelacha a bhí i gcomórtas don duaischiste €10,000 ná;
San áireamh ar an chlár beo seo beidh agallaimh le daoine éagsúla, Uachtarán na hÉireann – Mícheál D Ó hUiginn, ionadaí ó choiste an bhuaiteora agus an Cumann Gaelach, ina measc.
Tá muid buíoch do Sheamús Ó Scanláin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a fheidhmeoidh mar fhear an tí don ócáid.
Tá luach breis agus €4,000 de dhuaiseanna le baint go dtí deireadh mí Lúnasa 2020.
Bígí linn Gach Déardaoin @ 19:00
Tá áthas ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil siad ag cur go suntasach leis na hacmhainní atá dhá chur ar fáil ar líne mar thacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge.
Le cur leis an réimse tacaíochta tá clár beo Tráth na gCeist Idirghníomhach do Theaghlaigh dhá chraoladh ar Facebook Live uair sa tseachtain ar an Déardaoin.
Beidh ‘Foirm Freagraí’ an Tráth na gCeist Teaghlaigh ar fáil sa postáil facebook leis an craoladh agus roinnte go forleathan roimhré.
Eolas / Cur síos
Comhairle teicniúil
*Foirmeacha
**Buaiteoirí / Duais
Bígí linn Gach Déardaoin @ 19:00
D’fhógair Glór na nGael inniu (11 Márta 2020) go bhfuil cinneadh tógtha sraith imeachtaí náisiúnta agus réigiúnda a chur ar athló mar gheall ar rioscaí an Víris Choróna.
Cinneadh an Bronnadh Náisiúnta Duaiseanna (a bhí beartaithe don 17-18 Aibreán i nGaoth Dobhair) a chur siar go dtí níos déanaí sa bhliain. Roghnófar dáta nua i gcomhair leis an gcoiste eagrúcháin áitiúil.
Cinneadh, chomh maith, imeachtaí eile, ina measc ócáidí teaghlaigh, a chur siar ar feadh tréimhse trí sheachtaine, ar a laghad. Déanfar athmhachnamh ar na himeachtaí sin arís ag deireadh Mí an Mhárta.
Dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael gur trua leis an cinneadh seo ach gur tógadh é ar leas an phobail agus na foirne.
Eolas: nora@glornangael.ie