Cluiche Ceannais Blitzchomórtas na Fondúireachta 2022 bainte ag CLG Cill Mochuda Na Crócaigh
Bhain CLG Cill Mochuda Na Crócaigh, Stigh Lorcán, Baile Átha Cliath an chraobh i gCluiche Ceannais Blitzchomórtas na Fondúireachta bhí ar siúl in Sord Dé Sathairn 3 Nollaig 2022.
Is é an tAire Jack Chambers a sheol Blitzchomórtas na Fondúireachta go hoifigiúil ag Páirc Fhine Ghallainn CLG. Mhol sé an obair atá ar siúl ag na clubanna leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus ghuigh sé gach rath ar an blitzchomórtas sa todhchaí. Dúirt Seán de Paor, duine d’fhoireann Ghlór na nGael a bhí ag eagrú an blitzchomórtas go raibh coimhlint laidir sna cluichí. “Is foirrne meascaithe seachtar an taobh a ghlac páirt sa chomórtas seo” a thug de Paor le fios, ‘agus tá rialacha faoi leith ann maidir le úsáid na Gaeilge’. “Gaeilge a labhraítear ag an imeacht agus ar an bpáirc imeartha agus is féidir scór a bhaint d’fhoireann muna gcloíonn imreoirí nó lucht bainistíochta leis an riail seo” a dúirt sé.
Bronnadh Corn na Fondúireachta ar na buaiteoirí, CLG Cill Mochuda Na Crócaigh, corn atá ainmnithe i gcuimhne Feargal Ó Cuilinn. Ag labhairt ag an mbronnadh mhínigh bainisteoir na Fondúireachta, Caitríona Nic Seoin go raibh Feargal ina chomhghleacaí agus cara le gach éinne i nGlór na nGael. “Smaoiníonn muid air go minic agus muid i mbun Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a chur chun cinn. Dub go smoir, tá mé cinnte go mbeadh an-bhród ar Fheargal inniu go bhfuil blitz náisiúnta a imirt trí Ghaeilge sa phríomhchathair.” a dúirt Nic Seoin.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha atá dírithe ar chlubanna ar mhaith leo níos mó Ghaeilge a úsáid sa chlub.
Bhí os cionn dhá chéad chlub cláraithe leis an bhFondúireacht in 2022 agus tá tús curtha le clárú 2023. Má tá suim ag aon chlub clárú leis an bhFondúireacht, bí i dteagmháil linn: clg@glornangael.ie
Ceadaíodh buiséad míle euro don naoi gclub seo a leanas faoin scéim Teanga Tí sa CLG:
Bronnadh boinn Sheosaimh Mhic Dhonncha ar 55 club CLG ó gach cearn den tír ag ócáid speisialta ag Páirc an Chrócaigh, oíche Aoine, an 2 Nollaig.
Bronnadh an méid is mó bonn riamh ag ócáid na bliana seo, rud a tharla go díreach mar gheall ar an ardú suntasach atá tagtha ar rannpháirtíocht sa scéim go náisiúnta. Sé bhonn cré-umha agus tríocha a bhronnadh ar an oíche, chomh maith le sé bhonn airgid déag agus trí bhonn óir. Bronnadh na boinn ar chlubanna mar aitheantas ar an obair a rinne siad le linn 2022 leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar an talamh sna gcumainn, agus le cur le húsáid agus feiceálacht na teanga i measc ballraíocht na gclubanna.
Ina hóráid ar an oíche, mhol Gráinne Mc Elwain, Cathaoirleach an Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, an obair atá déanta ag clubanna na tíre seo. Dúirt sí go bhfuil rian na fondúireachta le feiceáil i gClubanna de chuid CLG ó cheann ceann na tíre – idir chomharthaíocht Ghaeilge, laethanta teaghlaigh, ranganna Gaeilge, tráthanna ceisteanna agus go leor eile.
Deir Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael, go bhfuil athruithe suntasacha tagtha ar an scéim le bliain anuas agus go bhfuil béim ar leith a chur ar an ghluaiseacht náisiúnta agus an chomhpháirtíocht idir chlubanna. Baintear seo amach trí fhóraim rialta idir chlubanna, comhimeachtaí le comhairlí áitiúla, agus Blitzchomórtas Náisiúnta na Fondúireachta, atá tosaithe i mbliana. Rinne sí comhghairdeas ach go háirithe leis an trí chlub a bhain bonn óir amach in 2022, agus dúirt sí go raibh na moltóirí iontach tógtha leis an tiomantas agus dílseacht a léirigh siad don teanga, agus leis an chomhoibriú idir iad agus a gcuid pobail áitiúla.
Is in ómós do Sheosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht seo. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitinne le linn a shaol. D’éirigh leis an post is airde a bhaint amach sa Chumann Lúthchleas Gael, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh mar iománaí agus bhí sé ina phríomhfheidhmeannach agus mar chathaoirleach ar chuid de mhóreagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.
Thíos tá liosta na gclub a bhain bonn amach in 2022. Tá clárúchán na bliana seo anois ar oscailt agus fáilte roimh chlubanna úra clárú i gcónaí.
Bonn Óir:
Bonn Airgid:
Bonn Cré-umha:
Bhronn Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Carthaigh, boinn Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2021 ag ócáid speisialta ag Páirc Naomh Éanna, Baile Buadáin oíche Chéadaoine, an 16 Márta.
Sé bhonn cré-umha agus fiche a bhronnadh ar an oíche, chomh maith le sé bhonn airgid agus cúig bhonn óir. Bronnadh na boinn ar chlubanna ó gach cearn den tír, mar aitheantas ar an obair a rinne siad le linn 2021 leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar an talamh sna gcumainn, agus le cur le húsáid agus feiceálacht na teanga i measc ballraíocht na gclubanna. Tugadh aitheantas ar leith ar an oíche do na clubanna siúd a fuair bonn sa bhliain 2020, agus nach raibh deis acu ócáid cheiliúrtha a bheith acu go dtí seo.
In óráid an Uachtaráin mhol sé an obair atá déanta ag clubanna na tíre seo ‘Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach club a bheidh ag fáil bonn óir, airgead nó cré-umha anocht mar aitheantas ar a gcuid oibre ag cur chun cinn na Gaeilge ina gcuid clubanna. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo siúd, chomh maith, a bheidh ag fáil bonn óir a chuaigh faoi mholtóireacht sa bhliain 2020. Molaim go mór a gcuid iarrachtaí ar fad.’
‘Molaim go mór obair ár gcuid páirtnéirí sa scéim seo, Glór na nGael, freisin. Tá muid an-bhuíoch as an obair iontach a bhíonn idir lámha acu ó cheann ceann na bliana. Is mór againn an pháirtnéireacht seo. Tá cur chun cinn na Gaeilge, agus cur chun cinn na gcluichí trí Ghaeilge an-tábhachtach dúinn, agus níl bealach níos fearr leis seo a dhéanamh ná tríd an scéim seo’
Deir Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael gur ábhar misnigh é rannpháirteachas na gclubanna sa scéim, agus go spreagann obair na gclubanna baill foirne Ghlór na nGael gach uile bliain agus iad i mbun timireacht leo agus moltóireacht orthu. Rinne sí comhghairdeas ach go háirithe leis an chúig chlub a bhain bonn óir amach in 2021, agus dúirt sí go raibh na moltóirí iontach tógtha le seasmhacht s’acu i dtaobh na teanga de, agus leis an tionchar teanga a bhí le feiceáil go sonrach i bpobail áitiúla na gcumainn.
Is in ómós do Sheosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht seo. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitinne le linn a shaol. D’éirigh leis an post is airde a bhaint amach sa Chumann Lúthchleas Gael, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh mar iománaí agus bhí sé ina phríomhfheidhmeannach agus mar chathaoirleach ar chuid de mhóreagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.
Thíos tá liosta na gclub a bhain bonn amach in 2021. Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ag www.glornangael.ie/clg
Bonn Óir:
Tuar Mhic Éadaigh CLG
Cumann Peil na mBan Maigh Cuilinn
An Cheathrú Rua CLG
Cárna Caiseal CLG
Cumann Caide na Gaeltachta
Bonn Airgid:
Bearna – Na Forbacha (Iománaíocht)
An Ríocht CLG
Naomh Peadar CLG, An Lorgain
Baile Buadáin, Naomh Éanna CLG
Naomh Colmcille CLG, An Charraig Mhór
An Clochán Liath CLG
Bonn Cré-umha:
Cabán tSíle CLG
Clanna Gael Fontenoy CLG
Fánaithe Baile Buadáin CLG
Na Cloigthithe CLG
Naomh Barróg CLG
Naomh Pádraig CLG, Domhnach Bat
Sairséalaigh Leamhcáin CLG
Cill Mhichíl CLG
An Ghleann CLG
Ard Ghlais CLG
Clann na Banna CLG
Baile Mhic an Aba CLG
Na Piarsaigh CLG, Eanach Mór
Uí Raithilligh CLG, Tailte an Choláiste
Achadha Mórdha CLG
Baile Éilís CLG
Mainistir Eimhín CLG
Nás na Ríogh CLG
Na Piarsaigh CLG, Doire Trasna
Naomh Trea CLG
Baile na nGallóglach CLG
Bealach na Leice CLG
Naomh Iósaf Eadarnaigh CLG
Mungairit Naomh Póil CLG
Peil na mBan – Pailís Ghréine CLG
Gaeil Mhaigh Eo CLG
Tá Glór na nGael, i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael, ag glacadh le hiarratais ar dheontais ó chlubanna atá cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh babhta 1 den scéim i 2022.
Tá deontas de suas le €500 ar fáil anois do chlubanna atá rannpháirteach sa scéim teanga Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Incháilithe faoin scéim deontais seo tá tionscadail agus imeachtaí a chuireann úsáid agus foghlaim na Gaeilge chun tosaigh i measc an chlubphobail. Cuirfidh an Fhondúireacht maoiniú meaitseála ón chiste ar fáil d’imeachtaí incháilithe ar bhonn €2 do gach €1 a chuireann an club féin ar fáil. Tá uasmhéid de €500 ar dheontas a thabharfar d’aon chlub sa bhabhta seo, sin €750 san iomlán le caitheamh ar thionscadal le bunsíntiús an chlub san áireamh.
Déan teagmháil leis an Oifigeach Forbartha ag Glór na nGael chun foirm iarratais a fháil maraon le heolas ar théarmaí agus ar choinníollacha na scéime. Tá an maoiniú seo ar fáil ag clubanna atá cláraithe amháin. Mar sin, moltar d’aon chlub eile a chuirfeadh suim sa deontas teagmháil a dhéanamh le Glór na nGael chun clárú leis an bhFondúireacht. Is é an Luan, 21 Márta 2022, an dáta deiridh iontrála don scéim seo.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.
Tá 37 bonn le bronnadh ar chlubanna CLG sa bhliain úr, mar aitheantas ar a saothar leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna gcumainn. Chuaigh an 37 club faoi mholtóireacht le gairid, mar chuid d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, scéim aitheantais atá a reáchtáil ag Glór na nGael i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael.
26 bonn cré-umha, 6 bonn airgid maraon le 5 bhonn óir atá le bronnadh ar chlubanna ó fud fad oileán na hÉireann. Deir Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael gur ghlac ós cionn 189 club páirt sa scéim i mbliana,
“Cuireann rannpháirteachas gníomhach na gcumainn san fhondúireacht seo go mór le feiceálacht agus le húsáid na Gaeilge i gclubanna CLG fud fad na tíre. Is cúis áthais dúinn go bhfuil éileamh láidir ar an scéim i gcónaí agus go bhfuil muid ag feiceáil torthaí na hoibre ar an talamh sna pobail ”
Is in ómós do Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an fhondúireacht seo. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitinne le linn a shaoil. D’éirigh leis an ról is airde a bhaint amach sa Cumann Lúthchleas Gael, mar iománaí, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh agus bhí sé ina phríomhfheidhmeannach agus mar chathaoirleach ar chuid de mhór-eagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.
Thíos tá liosta na gclub a mbronnfar bonn orthu i bPáirc an Chrócaigh san Earrach.
Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ag www.glornangael.ie/clg
Boinn Óir:
Tuar Mhic Éadaigh CLG Co. Mhaigh Eo
Cumann Peil na mBan Maigh Cuilinn Co. na Gaillimhe
An Cheathrú Rua CLG Co. na Gaillimhe
Cárna Caiseal CLG Co. na Gaillimhe
Cumann Caide na Gaeltachta Co. Chiarraí
Boinn Airgid:
Bearna – Na Forbacha (Iománaíocht) Co. na Gaillimhe
An Ríocht CLG Co. an Dúin
Naomh Peadar CLG, An Lorgain Co. Ard Mhacha
Baile Buadáin, Naomh Éanna CLG Áth Cliath
Naomh Colmcille CLG, An Charraig Mhór Co. Thír Eoghain
An Clochán Liath CLG Co. Dhún na nGall
Boinn Cré-umha:
Cabán tSíle CLG Áth Cliath
Clanna Gael Fontenoy CLG Áth Cliath
Fánaithe Baile Buadáin CLG Áth Cliath
Na Cloigthithe CLG Áth Cliath
Naomh Barróg CLG Áth Cliath
Naomh Pádraig CLG, Domhnach Bat Áth Cliath
Sairséalaigh Leamhcáin CLG Áth Cliath
Cill Mhichíl CLG C.o an Chláir
An Ghleann CLG Co. an Dúin
Ard Ghlais CLG Co. an Dúin
Clann na Banna CLG Co. an Dúin
Baile Mhic an Aba CLG Co. Ard Mhacha
Na Piarsaigh CLG, Eanach Mór Co. Ard Mhacha
Uí Raithilligh CLG, Tailte an Choláiste Co. Ard Mhacha
Achadha Mórdha CLG Co. Chill Dara
Baile Éilís CLG Co. Chill Dara
Mainistir Eimhín CLG Co. Chill Dara
Nás na Ríogh CLG Co. Chill Dara
Na Piarsaigh CLG, Doire Trasna Co. Dhoire
Naomh Trea CLG Co. Dhoire
Baile na nGallóglach CLG Co. Dhún na nGall
Bealach na Leice CLG Co. Fear Manach
Naomh Iósaf Eadarnaigh CLG Co. Fear Manach
Mungairit Naomh Póil CLG Co. Luimnigh
Peil na mBan – Pailís Ghréine CLG Co. Luimnigh
Gaeil Mhaigh Eo CLG Co. Mhaigh Eo
Dóibh siúd a bhfuil suim acu i gcúrsaí spóirt ba lá mór é san Ardchathair Dé Sathairn an 13ú Samhain 2021.
Bhí foireann chlúiteach na Nua Shéalainne, na All Blacks, ar chuairt agus iad a tabhairt faoi fhoireann na hÉireann sa Staid Aviva, le cuma na maitheasa ar an bhfoireann bhaile tar éis dóibh buachaint ar an Seapáin an tseachtain roimh sin.
I bPáirc Parnell ar an lá céanna bhí Cluiche Ceannais Iomána Átha Cliath ar siúl idir Na Fianna agus Cill Mochuda Na Crócaigh, cluiche den chéad scoth á thuar ag na saineolaithe.
Ach bhí imeacht eile ar siúl nár tharraing an oiread sin airde ach a bhí lán chomh tábhactach i súile na ndaoine a bhí rannpháirteach. Bliots na Fondúireachta, srath de chluichí peile á n-imirt ag clubanna de chuid an CLG a bhí tar éis clárú le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha chun stádas na Gaeilge ina gcuid clubanna a ardú. Ocht bhfoireann ar fad a bhí páirteach agus chruinnigh siad le chéile i gclubtheach Naomh Fionnbarrra, i gCabrach ar an dtaobh ó thuaidh den chathair go gairid tar éis am lóin.
Cuireadh failte roimh na himreoirí, agus chuir siadsan fáilte roimh an an anraith agus ceapairí a bhí curtha ar fáil ag Naomh Fionnbarra.
Bhí sé le brath go luath go raibh atmasféar cairdiúil, siamsúil agus Gaeilge á labhairt ag gach duine. Bhí daoine ag tnúth leis na cluichí, don chuid is mó ní raibh peil mheasctha le fir agus mná ag imirt le chéile imirthe ag éinne roimhe.
Cuireadh an réiteoir, Piaras, in aithne agus mheabhraigh seisean do na himreoirí go mbainfí pointí d’fhoirne dá mbeadh an Béarla le cloisteáil. Ní raibh gá, ar ndóigh, bhí gach duine ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid.
Sa chéad cluiche thug Naomh Fionnbarra 1 aghaidh ar Fhine Ghallainn – cluiche maith cóngarach agus bhuaigh muintir Shóird 9-7 i gcoinne 6-4. Tháinig Naomh Fionnbarra 2 amach ansin agus bhuaigh siad ar Bhaile Buadáin Naomh Éanna 4-6 le 2-2.
Club iománaíochta agus camógaíochta é Setanta as Baile Munna, ach imríonn siad sa bhliots toisc go mbíonn siad ag iarraidh tacú le himeachtaí as Gaeilge. Go míámharach, bhuaigh Na Gaeil Óga orthu ina gcéad cluiche 3-2 le 2-4 (pointe amháin), an cluiche is cóngaraí i rith an lae ar fad.
Bhuaigh Caisleán Cnucha, na curaithe ó 2020, ar Naomh Barróg sa chéad cluiche eile 3-4 le 1-2.
Lean na cluichí ar aghaidh agus tar éis na cluichí cáilithe bhí na cluichí leathcheannais socraithe:
Naomh Fionnbarra 1 V Caisleán Cnucha agus Fine Ghallainn V Naomh Barróg.
Bhuaigh Fine Ghallainn agus Caisleán Cnucha agus réitigh gach duine é/í féin don chraobh.
Sa deireadh bhuaigh Fine Ghallainn éascá go leor 5-9 an aghaidh 0-6.
Bhronn Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey agus Cathaoirleach Naomh Fionnbarra , Éilís Uí Longáin na duaiseanna ar na buaiteoirí.
Agus é ag glacadh le sciath na mbuaiteoirí, ghabh captaen Fhine Ghallain, Darragh Ó Murchú buíochas le gach duine a ghlac páirt, le Naomh Fionnbarra as na háiseanna a chur ar fáil, leis an réiteoir agsu le Glór na nGael as an mbliots a eagrú.
D’fhág gach duine slán lena chéile, tuirseach ach sásta, agus gheall go mbeidís ar ais an bhliain seo chugainn, ag Bliots na Fondúireachta -imeacht lán Ghaeilge spoírtiúil den scoth.
SNAP – Scéalta, Nuacht An Phobail
Tá Glór na nGael i gcomhar le Molscéal TG4 ag eagrú cúrsa léiriú físeán ar líne do choistí & grúpaí pobail agus clubanna CLG.
Tabharfaidh an cúrsa deis do na rannpháirtithe foghlaim conas scéalta a léiriú ar bhealach suimiúil agus tarraingteach ar chaighdeán le roinnt ar na meáin shóisialta.
Ag brath ar éileamh tá sé i gceist 5 rang, uair an chloig an ceann, a eagrú thar thréimhse dhá mhí idir seo agus deireadh 2021.
Déanfar gach aon iarracht na ranganna a eagrú ag am a bheidh oiriúnach do na rannpháirtithe uilig.
Beidh ‘obair bhaile’ le déanamh idir na ranganna.
Má tá spéis agat freastal ar an chúrsa, líon isteach an fhoirm seo agus déanfaidh muid teagmháil leat gan mhoill:
Spriocdháta d’iarratais 13/10/2021
Má tá deacracht ar bith agat leis an fhoirm seol nóta ar r-phost go dtí: dara@glornangael.ie
Is cúis áthais do Ghlór na nGael a fhógairt gur éirigh le 12 club CLG ina n-iarratais maoiniú a fháil le grúpaí Teanga Tí a bhunú taobh istigh de na clubanna.
Is fiontar breise é seo a éiríonn as Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, comhthionscadal idir Glór na nGael agus an Cumann Lúthchleas Gael.
Agus é ag gabháil comhghairdeas leis na clubanna ar éirí leo, dúirt Marcas Mac Ruairí, Bainisteoir Teanga Tí de chuid Ghlór na nGael: “Is í aidhm na Fondúireachta na go mbeidh an Ghaeilge fite fuaite in imeachtaí uile clubanna CLG.
“Is fiontar ar leith í an scéim Teanga Tí leis an Ghaeilge a fhorbairt i measc teaghlaigh an chlub agus dóchas againn go mbeidh an Ghaeilge mar theanga sa bhaile ag na rannpháirtithe sin.”
Is iad na clubanna ar iarraidh leo an deontas de €1,000 a fháil ná:
Tá tuilleadh eolais ar fail ó marcas@glornangael.ie
Tá Glór na nGael buíoch as an tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Tá Glór na nGael, i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael, ag glacadh le hiarratais ar dheontais ó chlubanna atá cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh babhta 1 den scéim i 2021.
Tá deontas de suas le €500 ar fáil anois do chlubanna atá rannpháirteach sa scéim teanga Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Incháilithe faoin scéim deontais seo tá tionscadail agus imeachtaí a chuireann úsáid agus foghlaim na Gaeilge chun tosaigh i measc an chlubphobail. Cuirfidh an Fhondúireacht maoiniú meaitseála ón chiste ar fáil d’imeachtaí incháilithe ar bhonn €2 do gach €1 a chuireann an club féin ar fáil. Tá uasmhéid de €500 ar dheontas a thabharfar d’aon chlub sa bhabhta seo, sin €750 san iomlán le caitheamh ar thionscadal le bunsíntiús an chlub san áireamh.
Déan teagmháil leis an Oifigeach Forbartha ag Glór na nGael chun foirm iarratais a fháil maraon le heolas ar théarmaí agus ar choinníollacha na scéime. Tá an maoiniú seo ar fáil ag clubanna atá cláraithe amháin. Mar sin, moltar d’aon chlub eile a chuirfeadh suim sa deontas teagmháil a dhéanamh le Glór na nGael chun clárú leis an bhFondúireacht. Is é an Aoine, 16 Aibreán 2021, an dáta deiridh iontrála don scéim seo.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.