Site logo

Buiséad €9,000 ceadaithe faoin scéim Teanga Tí sa CLG

Ceadaíodh buiséad míle euro don naoi gclub seo a leanas faoin scéim Teanga Tí sa CLG:

  • Cumann Peil na mBan Maigh Cuilinn, Co na Gaillimhe
  • Carna Caiseal CLG, Co na Gaillimhe
  • CLG na nDúnaibh, Co Dhún na nGall
  • Na Gaeil Óga CLG, Baile Átha Cliath
  • Mícheál Mac Daibhéid CLG, An Suaitreach, Co Dhoire
  • CLG Mungairit/Naomh Pól, Co Luimnigh
  • CLG Átháin,  Co Luimnigh
  • Eoghan Rua Cill Chua CLG, Co an Dúin
  • Cumann Camógaíochta Áth Dara, Co Luimnigh
Beidh na cumainn seo ag eagrú sraith d’imeachtaí teaghlaigh, dírithe orthu siúd ar mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile.
Cuirfidh na himeachtaí seo le húsáid agus feiceálacht na Gaeilge ag na cumainn, bunsprioc atá ag Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha mar scéim.
www.glornangael.ie/clg