Site logo

Buaiteoirí Gradam Gnó Chiarraí 2018

Fógraíodh buaiteoirí Gradam Gnó Chiarraí 2018 le linn Oireachtas na Gaeilge Déardaoin an 1 Samhain. Tá áthas ar Ghlór na nGael tacú leis an tionscnamh seo a thugann aitheantas do na gnónna sin a bhaineann úsáid as an nGaeilge ina gcuid oibre ó cheann ceann na bliana.

Bhronn lucht urraíochta cúig chinn de dhuaiseanna fógraíochta/airgid, mar aon le Plaic Slinne Gradam Gnó Chiarraí 2018 ar na buaiteoirí ag 8.00in san Óstán Brehon, Cill Airne. Is Oifig na Gaeilge, Comhairle Contae Chiarraí a riarann Gradam Gnó Chiarraí agus Glór na nGael atá i bhfeighil ar an moltóireacht.

Ainmníodh 9 gcinn de chomhlachtaí do Gradam Gnó Chiarraí 2018, sé sin… Seacláid na Sceilge; Supervalu Lios Tuathail; Valentia Ice Cream; Brian de Staic Teo; Bricín; Killarney Guided Walks; Aniar TV Teo; Comhar Chreidmheas Chorca Dhuibhne; Mac Domhnaill Dental agus Puffin Childcare.

Seo leanas buaiteoirí ghradaim na bliana seo agus a gcuid urraitheoirí…

  • Gradam Turasóireachta ar Brian de Staic – urraithe ag Kerry’s Eye
  • Gradam Seirbhísí ar Comhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne – urraithe ag Radio Kerry
  • Gradam Seirbhísí ar Mac Domhnaill Dental – urraithe ag The Kerryman
  • Gradam Gaeltachta ar Aniar TV – urraithe ag Údarás na Gaeltachta
  • Gradam Iar-Ghaeltachta ar Bricín – urraithe ag Oifig Fiontair Áitiúil Chiarraí

‘Tugann úsáid na Gaelainne íomhá fé leith do ghnónna, rud a chothaíonn buntáiste margaíochta agus a mheallann custaiméirí nua. Bíonn éileamh ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltacht ar sheirbhísí ina dteanga féin agus is fiú freastal orthu’ arsa Roibeard Ó hEartáin, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle Contae Chiarraí.

Tá pacáiste tacaíochta ó Fhoras na Gaeilge, deis fógraíochta ar www.ciarrai.com agus tá Glór na nGael ann chun comhairle a chur ar lucht gnó maidir le forbairt na Gaelainne.

Gradam Turasóireachta ar Brian de Staic – urraithe ag Kerry’s Eye

Gradam Seirbhísí ar Comhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne – urraithe ag Radio Kerry

Gradam Seirbhísí ar Mac Domhnaill Dental – urraithe ag The Kerryman

Gradam Gaeltachta ar Aniar TV – urraithe ag Údarás na Gaeltachta

Gradam Iar-Ghaeltachta ar Bricín – urraithe ag Oifig Fiontair Áitiúil Chiarraí