Buaiteoirí Ardán 2026 fógartha ag mórócáid i nGaillimh

Fógraíodh An Droichead, Béal Feirste mar príomhbhuaiteoir Ardán 2026 ag mórócáid bhronnta Ghlór na nGael in Óstán Chonnacht, Gaillimh, Dé Sathairn, 19 Meán Fómhair 2026. Bhain an grúpa an phríomhdhuais de €20,000 as an chur i láthair ”Ag freastal ar shainriachtanais na dteaghlach sna luathbhlianta”.

D’fhorbair an grúpa córas tacaíochta do pháistí a bhfuil sainriachtanais acu agus dá dteaghlaigh in earnáil na luathbhlianta trí Ghaeilge. Cruthaíodh ról comhordaitheora sainriachtanas oideachais, cuireadh oiliúint ar an fhoireann, forbraíodh pleananna aonair do pháistí agus bunaíodh grúpa tuismitheoirí agus tachrán le heolas agus acmhainní a roinnt.

Is iad Fionnuala Nic Thom – bord stiúrtha Ghlór na nGael, Breandán Mac Craith – Foras na Gaeilge agus Eoin Ó Droighneán – An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a bhronn an duais ar ionadaithe An Droichead, Seáinín Ní Chianáin agus Tara Gibney, i gcomhluadar bean an tí Sinéad Ní Uallacháin

Bhronn na moltóirí an dara háit agus duais de €10,000 ar Phobal Eascarrach, Co. Dhún na nGall as an chur i láthair “Dúchas na nDaoine”. Cuireann Dúchas na nDaoine spás fáilteach agus tacaíocht áitiúil ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu le halcól, substaintí nó iompraíochtaí andúileacha. Trí gharraíodóireacht, obair leis an nádúr, comhrá agus tacaíocht ó chomhairleoir cáilithe, tá cairdeas agus pobal leighis á gcothú trí Ghaeilge.

Tháinig an fhógairt ag deireadh lá bríomhar moltóireachta, inar chuir 32 grúpa a gcuid tionscadal i láthair na moltóirí in ocht gcatagóir éagsúla. Bhí réimse leathan oibre i gceist, idir sheirbhísí óige, thacaíochtaí do theaghlaigh agus fhiontraíocht shóisialta agus thionscadail oideachais, folláine, oidhreachta agus comhshaoil.

Fuarthas breis agus 100 iontráil ó 59 grúpa pobail i gcomórtas na bliana seo. Léirigh na hiontrálacha an fuinneamh, an chruthaitheacht agus an obair luachmhar atá ar bun ag pobail Ghaeilge agus Ghaeltachta ar fud na hÉireann.

Dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Rannóg Pobal agus Fiontraíochta Ghlór na nGael:

“Ba mhór an phribhléid dúinn an obair iontach atá ar bun sna pobail a fheiceáil agus a cheiliúradh anseo inniu. Léirigh na grúpaí ar fad an dúthracht, an chruthaitheacht agus an fuinneamh atá á gcaitheamh acu le deiseanna fiúntacha a chruthú don Ghaeilge agus lena bpobail féin a neartú.

“Déanaimid comhghairdeas ó chroí leis an Droichead agus le Pobal Eascarrach, le buaiteoirí na gcatagóirí agus leis na grúpaí ar fad a ghlac páirt in Ardán 2026. Is cúis mhór misnigh dúinn caighdeán agus éagsúlacht na hoibre atá ar siúl ar fud na tíre.”

Anuas ar duaiseanna Ardán 2026 a bhronnadh déanadh ‘Teastas Luachanna’ a bhronnadh ar Choiste Ghaeloideachas Chromghlinne – Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach, Co. Aontroma, agus Coiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir, Co. Dhún na nGall, i ndiaidh gur éirigh leo gach ceann de chúig ‘Luach’ na scéime a bhaint amach. Seo an chéad dá ghrúpa in Éirinn le teastas ‘Luachanna’ a bhaint amach. Cód é Luachanna a bhfuil sé mar aidhm aige dea-chleachtas rialachais a spreagadh i measc grúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta.

Buaiteoirí Ardán 2026

Príomhbhuaiteoir – €20,000
An Droichead, Co. Aontroma

An dara háit – €10,000
Pobal Eascarrach, Co. Dhún na nGall

An Óige

Buaiteoir na catagóire – €3,000: Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, Co. Dhún na nGael
Duais €1,000: Glór Uachtar Tíre, Co. an Dúin
Duais €1,000: Glór Cheatharlach, Co. Cheatharlach
Duais €1,000: Glór na Móna, Co. Aontroma

An Teaghlach

Buaiteoir na catagóire – €3,000: Fís an Phobail, Co. Aontroma
Duais €1,000: Tae agus Play, Co. Liatroma
Duais €1,000: Céim ar Chéim, Co. Chorcaí
Duais €1,000: Gaeil Ruairí Óg agus Gaeil na nGlinntí, Co. Aontroma

An Ghaeltacht

Buaiteoir na catagóire – €3,000: Coiste Forbartha Chnoc Fola, Co. Dhún na nGael
Duais €1,000: Fóram um Pleanáil Teanga Chois Fharraige, Co. na Gaillimhe
Duais €1,000: Coiste Féilte Chill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Duais €1,000: Ionad na nImirceach CTR, Co. na Gaillimhe

Oideachas

Buaiteoir na catagóire – €3,000: Cill Dara le Gaeilge, Co. Chill Dara
Duais €1,000: Gaeilge Locha Riach, Co. na Gaillimhe
Duais €1,000: Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire
Duais €1,000: níor tháinig

Tacaíochtaí Pobail agus Folláine

Buaiteoir na catagóire – €3,000: Pobal Eascarrach, Co. Dhún na nGall
Duais €1,000: Comhar Chuigéal Teo., Co. na Gaillimhe
Duais €1,000: An Droichead, Co. Aontroma
Duais €1,000: Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall

Gnó agus Fiontraíocht

Buaiteoir na catagóire – €3,000: Muineachán le Gaeilge, Co. Mhuineacháin
Duais €1,000: Comhlacht Forbartha Inis Meáin CTR, Cuan na Gaillimhe
Duais €1,000: An Clár as Gaeilge, Co. an Chláir
Duais €1,000: BSG An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall

Labhairt na Gaeilge

Buaiteoir na catagóire – €3,000: Gaillimh le Gaeilge, Cathair na Gaillimhe
Duais €1,000: Pobal Rua, Co. na Gaillimhe
Duais €1,000: Carraig ag Caint, Co. Chorcaí
Duais €1,000: níor tháinig

Caomhnú Comhshaoil agus Caomhnú Oidhreachta

Buaiteoir na catagóire – €3,000: Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Co. Aontroma
Duais €1,000: Gaeláras Mhic Ardghail, Co. an Dúin
Duais €1,000: Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Duais €1,000: nior tháinig

Duaiseanna speisialta aitheantais – €500 an ceann

Bhronn na moltóirí deich nduais speisialta ar ghrúpaí a léirigh dul chun cinn as cuimse nó a rinne éacht faoi leith le linn na bliana:

  1. Aisteoirí an Bhaile, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
  2. Coiste Óige Bunscoile, Inis Oírr, Cuan na Gaillimhe
  3. Conradh na Gaeilge, Craobh Pheadair Uí Dhubhda, Dún Dealgan.
  4. Craobh Cholm Cille, Sord Cholm Cille, Co. Átha Cliath
  5. Coiste Forbartha Dhobhair Teo – Ionad Naomh Pádraig, Co. Dhún na nGall
  6. Coiste Ghaeloideachas Chromghlinne – Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach, Co. Aontroma
  7. Comhar Fhánada & Ghleann Bhairr, Fánaid, Tír Chonaill
  8. Coiste Cheathrú Thaidhg – Dún Chaocháin, Co. Mhaigh Eo
  9. Comhlacht Forbartha Mhúscraí, Maighchromtha, Co. Chorcaí
  10. Gaelphobal Ard Mhacha Theas, Co. Ard Mhacha

Bhí duaischiste iomlán de €83,000 i gceist in Ardán 2026.

Is comórtas náisiúnta de chuid Ghlór na nGael é Ardán a thugann aitheantas don obair chruthaitheach, luachmhar atá á déanamh ag grúpaí pobail ar son na Gaeilge ar fud na hÉireann.

 

Roghnaigh do theanga / Choose your language