Site logo

Bronnadh Náisiúnta 2020, 2021 agus 2022 – cuireadh chun tairisceana

Cuireadh chun tairisceana d’eagrú Bronnadh Náisiúnta Duaiseanna Ghlór na nGael 2020, 2021 agus 2022

Tá Glór na nGael, ag lorg tairisceana ó choistí agus ó ghrúpaí atá cláraithe léi feidhmiú mar óstach do Bhronnadh Náisiúnta Duaiseanna Ghlór na nGael sa bhliain 2020, 2021 nó  2022. Tá an cuireadh chun tairisceana seo ag teacht leis na moltaí a d’eascair as an suirbhé a rinneadh le coistí atá cláraithe le Glór na nGael ag tús 2019.  

Tá an cuireadh chun tairisceana seo oscailte do gach coiste atá cláraithe le Glór na nGael.  Ní gá don ghrúpa a bheith mar iarbhuaiteoir agus fáilteofar roimh iarratais ó ghrúpaí, beag beann ar cá bhfuil siad sa tír.

Dár le Nóra Welby, Bainisteoir na gComórtas,  “Beidh an ócáid seo á eagrú i gcomhar le hOifig Ghlór na nGael agus cuirfear buiséad réamhaontaithe ar fáil don ghrúpa a bheidh i mbun eagrú na hócáide. Beidh Bronnadh Náisiúnta na nDuaiseanna le heagrú ar an 18 Aibreán 2020 agus do na blianta ina dhiaidh sin: 10 Aibreán 2021 agus 23 Aibreán 2022.

Iarrtar ar choistí iarratas amháin a dhéanamh ar bhliain amháin, seachas il-iarratais don trí bliana.  

Thug Nóra Welby le fios go bhfuil

“ buntáistí gearrthréimhseacha agus fadtréimhseacha ag baint le heagrú ceann de mhórócáidí náisiúnta na Gaeilge  do cheantair a roghnófar:

 

  • Tá deis ann clár iomlán imeachtaí don deireadh seachtaine a chur le chéile
  • Meastar go mbíonn tionchar eacnamaíochta do cheantar an lucht eagraithe cothrom le €50,000. (Béile x 200 duine, an beár x 200 duine, bia x 150 duine, lóistín x 100, siopa/garáistí agus eile)
  • Cuirfidh an Bronnadh ceantar an choiste, agus obair an choiste, i mbéal an phobail go háitiúil agus go náisiúnta
  • Gheobhaidh an ceantar poiblíocht sna meáin áitiúla agus sna meáin náisiúnta
  • Beidh tionchar leanúnach ag an mBronnadh i bhfoirm gnó turasóireachta athuaire don cheantar
  • Is ócáid mhór ceiliúrtha í an Bronnadh ar fhéilire náisiúnta na Gaeilge, a mheallann suas le 200 duine gach bliain”

 

 

Mar chuid den iarratas iarrtar ar choistí na nithe seo a leanas a chur san áireamh;

An cineál seirbhís lónadóireachta do 200+ duine atá á bheartú

Moladh a dhéanamh maidir le láthair an Bhronnta, mar shampla: óstán, halla pobail,  ollphuball

Moladh a dhéanamh maidir leis an gcineál siamsaíochta ag ócáid an Bhronnta féin

Moladh maidir le féidearthachtaí siamsaíochta eile le linn deireadh seachtaine an Bhronnta, mar shampla; turais, seoltaí, ócáidí teaghlaigh, taispeántais 7rl

Moladh maidir le haoi speisialta a bhronnfaidh na duaiseanna, mar shampla; Aire Rialtais, duine aitheanta

Na cineálacha lóistín do 200 duine atá á mholadh

Na seirbhísí Ghaeilge uilíocha a bheidh ar fáil sa cheantar

*Costas measta an Bhronnta atá á mholadh agus aon pháirtí eile a chuideodh leis an ócáid a eagrú, mar shampla; Comhairle Áitiúil, eagras cultúrtha/turasóireachta, eile

Aon rannpháirtíocht ó heagrais eile sa cheantar áitiúil

Iarrtar ar choistí gur spéis leo feidhmiú mar óstach d’ócáid Bhronnadh Náisiúnta Duaiseanna Chomórtas Ghlór na nGael, iarratas chuige sin a sheoladh chuig nora@glornagael.ie roimh 30 Lúnasa 2019.

 *Beidh buiséad réamhaontaithe curtha ar fáil d’eagrú Bhronnadh Náisiúnta na nDuaiseanna agus is féidir seo a phlé roimh réiteach an iarratais le Nóra Welby.

 

Tuilleadh eolais – 

Nóra Welby: nora@glornangael.ie

+353 (0)87 2518175  nó  +353 (0)46 9430974