Moltóireacht Chomórtas Ghlór na nGael i ndiaidh críochnadh ar líne

Le dhá sheachtain anuas, bhí oifigigh Ghlór na nGael ag bualadh le coistí pobail ó gach cearn den tír chun moltóireacht a dhéanamh ar an obair ar fad a rinne siad sa bhliain 2024 mar chuid de Chomórtas Ghlór na nGael 2024.

I mbliana, rinneadh gearradh siar ar an mhaoiniú a fhaigheann Glór na nGael agus cuid eagraíochtaí eile, agus leis sin, ní raibh an deis againn cuairt a thabhairt ar na coistí ar a lathair féin agus ba ar líne a tharla na cruinnithe moltóireachta.

Beidh na buaiteoirí sa rannóga ar fad á bhfógairt go luath.

Thíos, tá cuid grianghraf ó na seisiúin mholtóireachta a thig amach le coicís anuas.

Roghnaigh do theanga / Choose your language