Bronnfaidh Cathaoirleach Choiste Naisiúnta na Gaeilge agus aíonna eile 40 bonn ar chlubanna CLG as a gcuid saothar ar son na Gaeilge ag ócáid bhronnta i bPáirc an Chrócaigh oíche Shathairn.
Oíche Shathairn, 16 Nollaig a bheas an chéad ócáid bhronnta boinn ag Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Ghlac 87 club páirt ann sa chéad bhliain don scéim seo i 2017. Déanfar saothar na gclub a cheiliúradh ag an ócáid seo agus bronnfar boinn ar 40 club acu sin as méid áirithe gníomhartha a cur i gcrích ar son na teanga.
Bronnfar Bonn Sheosaimh Mhic Dhonncha, idir airgead agus cré-umha ar na clubanna sin de réir mar a chuir siad líon áirithe gníomhartha ar son na teanga i gcrích. Bronnfar 30 bonn cré-umha i mbliana ar chlubanna fud fad na hÉireann mar aon le 10 bonn airgead. Níor bhain aon chlub an caighdeán ard amach a leagadh síos chun bonn ór Sheosaimh Mhic Dhonncha a thabhairt na bhaile leo go fóill. Is mó an gradam a bheas leis an bhonn sin don chéad chlub chun é a ghnóthú amach anseo.
Bhí bliain an-rathúil i 2017 don Fhondúireacht nua. Chuir foireann Ghlór na nGael comhairle agus cuidiú ar fáil do 87 club CLG agus iad ag pleanáil agus i mbun gnímh ar son na teanga i measc a bpobail féin le linn na bliana. Rinne infheistíocht de €41,000 ar an Ghaeilge ag leibhéal an chlub trí scéim deontais na Fondúireachta i mbliana agus seolfaidh Gráinne McElwain, pearsa TG4 agus ball Bhord Fhoras na Gaeilge, 2 treoirfhíseán ar phleanáil d’fhorbairt na teanga ag leibhéal an chlub Dé Sathairn chomh maith.
Is in ómós do Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht nua seo. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitean le linn a shaol. D’éirigh leis an post is airde a bhaint amach sa Cumann Lúthchleas Gael, mar iománaí, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh agus bhí sé ina phríomhfheidhmannach agus mar chathaoirleach ar chuid de mhór-eagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.
“Tá lúcháir orainn ar fad leis an oiread ar baineadh amach tríd an Fhondúireacht seo le linn 2017. Tá moladh mór tuilte ag na clubanna ar fad a bhí páirteach i mbliana agus gabhaim comhghairdeas ar leith le gach club a bheas ag glacadh Bonn Sheosaimh Mhic Dhonncha ina bhaile leo. Is iontach an ómós é saothar na gclub seo d’oidhreacht Sheosaimh féin.” Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael.
Thíos tá liosta na gclub a bheas ag tabhairt boinn na bhaile leo. Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ag www.glornangael.ie/clg
Bonn Airgead:
Cumann Peile na Sáirséalaigh, Cill Laobhain, Co. Mhuineacháin
CLG Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach, Co. na Gaillimhe
Cumann Liathróid Laimhe Mícheál Breathnach, Co. na Gaillimhe
Cumann Caide na Gaeltachta, Co.Chiarraí
CLG An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Naomh Colmcille, Baile an Bhiataigh, Co. na Mí
CLG Fine Ghallainn, Sord, Baile Átha Cliath
CLG Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Na Gaeil Óga, Baile Átha Cliath
CLG na Rinne, Co. Port Láirge
CLG Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Bonn Cré-umha:
CLG Droichead an Chláirín, Co. na Gaillimhe
Cumann Peil na mBan, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
CLG Béal Átha an Cheasaigh, Contae Chorcaí
CLG Eochaill, Contae Chorcaí
CLG Clárach, Co. Chill Chainnigh
CLG Eoghan Rua, Cill Chua, Co.An Dúin
Raonaithe na Croise, Crois Mhic Lionnáin, Co. Ard Mhacha
Droichead Mhaigh Eo, Co. An Dúin
Gaeil Chúchulainn, Co. Lú
Gormaithe Bhaile Nua, Droichead Átha, Co. Lú
An Ríocht CLG, Co. An Dúin
Bhulf Tón CLG, Baile Ghib, Co. na Mí
Na Fianna, Glasnaíon, Baile Átha Cliath
CLG Dún Doire, Co. na Mí
Clann na nGael, Baile Átha Buí, Co. na Mí
Cú Chulainn, An Mullach Bán, Co. Ard Mhacha
Aontas Gaelach an Ruiséalaigh, Dún Pádraig, Co. An Dúin
Naomh Eoin Bosco, Iúr Cinn Trá, Co. An Dúin
CLG Uí Dhonnabhain Rosa, Ard Bó, Co. Thír Eoghain
An Caisleán Glas, Co. Thír Eoghain
Naomh Colm, Baile na Scríne, Co. Dhoire
Eiméid Shleacht Néill, Co. Dhoire
Na Magha, Báile Arnóid, Co. Dhoire
Naomh Pádraig, Domhnach, Co. Fhear Manach
Seamrógaí Bhaile an Doire, Co. Thír Eoghain
CLG Naomh Colum Cille, Oileán agus Cluain, Co. Thír Eoghain
Ó Rathaille Chluain Eo, Co. Thír Eoghain
Aodh Ruadh, Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall
Naomh Adhamhnáin, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall
Mícheal Ó Duibhir, An Céide, Co. Ard Mhacha