Bronnadh boinn Sheosaimh Mhic Dhonncha ar 55 club CLG ó gach cearn den tír ag ócáid speisialta ag Páirc an Chrócaigh, oíche Aoine, an 2 Nollaig.
Bronnadh an méid is mó bonn riamh ag ócáid na bliana seo, rud a tharla go díreach mar gheall ar an ardú suntasach atá tagtha ar rannpháirtíocht sa scéim go náisiúnta. Sé bhonn cré-umha agus tríocha a bhronnadh ar an oíche, chomh maith le sé bhonn airgid déag agus trí bhonn óir. Bronnadh na boinn ar chlubanna mar aitheantas ar an obair a rinne siad le linn 2022 leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar an talamh sna gcumainn, agus le cur le húsáid agus feiceálacht na teanga i measc ballraíocht na gclubanna.
Ina hóráid ar an oíche, mhol Gráinne Mc Elwain, Cathaoirleach an Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, an obair atá déanta ag clubanna na tíre seo. Dúirt sí go bhfuil rian na fondúireachta le feiceáil i gClubanna de chuid CLG ó cheann ceann na tíre – idir chomharthaíocht Ghaeilge, laethanta teaghlaigh, ranganna Gaeilge, tráthanna ceisteanna agus go leor eile.
Deir Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael, go bhfuil athruithe suntasacha tagtha ar an scéim le bliain anuas agus go bhfuil béim ar leith a chur ar an ghluaiseacht náisiúnta agus an chomhpháirtíocht idir chlubanna. Baintear seo amach trí fhóraim rialta idir chlubanna, comhimeachtaí le comhairlí áitiúla, agus Blitzchomórtas Náisiúnta na Fondúireachta, atá tosaithe i mbliana. Rinne sí comhghairdeas ach go háirithe leis an trí chlub a bhain bonn óir amach in 2022, agus dúirt sí go raibh na moltóirí iontach tógtha leis an tiomantas agus dílseacht a léirigh siad don teanga, agus leis an chomhoibriú idir iad agus a gcuid pobail áitiúla.
Is in ómós do Sheosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht seo. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitinne le linn a shaol. D’éirigh leis an post is airde a bhaint amach sa Chumann Lúthchleas Gael, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh mar iománaí agus bhí sé ina phríomhfheidhmeannach agus mar chathaoirleach ar chuid de mhóreagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.
Thíos tá liosta na gclub a bhain bonn amach in 2022. Tá clárúchán na bliana seo anois ar oscailt agus fáilte roimh chlubanna úra clárú i gcónaí.
Bonn Óir:
Bonn Airgid:
Bonn Cré-umha: