Bhronn Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Carthaigh, boinn Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2021 ag ócáid speisialta ag Páirc Naomh Éanna, Baile Buadáin oíche Chéadaoine, an 16 Márta.
Sé bhonn cré-umha agus fiche a bhronnadh ar an oíche, chomh maith le sé bhonn airgid agus cúig bhonn óir. Bronnadh na boinn ar chlubanna ó gach cearn den tír, mar aitheantas ar an obair a rinne siad le linn 2021 leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar an talamh sna gcumainn, agus le cur le húsáid agus feiceálacht na teanga i measc ballraíocht na gclubanna. Tugadh aitheantas ar leith ar an oíche do na clubanna siúd a fuair bonn sa bhliain 2020, agus nach raibh deis acu ócáid cheiliúrtha a bheith acu go dtí seo.
In óráid an Uachtaráin mhol sé an obair atá déanta ag clubanna na tíre seo ‘Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach club a bheidh ag fáil bonn óir, airgead nó cré-umha anocht mar aitheantas ar a gcuid oibre ag cur chun cinn na Gaeilge ina gcuid clubanna. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo siúd, chomh maith, a bheidh ag fáil bonn óir a chuaigh faoi mholtóireacht sa bhliain 2020. Molaim go mór a gcuid iarrachtaí ar fad.’
‘Molaim go mór obair ár gcuid páirtnéirí sa scéim seo, Glór na nGael, freisin. Tá muid an-bhuíoch as an obair iontach a bhíonn idir lámha acu ó cheann ceann na bliana. Is mór againn an pháirtnéireacht seo. Tá cur chun cinn na Gaeilge, agus cur chun cinn na gcluichí trí Ghaeilge an-tábhachtach dúinn, agus níl bealach níos fearr leis seo a dhéanamh ná tríd an scéim seo’
Deir Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael gur ábhar misnigh é rannpháirteachas na gclubanna sa scéim, agus go spreagann obair na gclubanna baill foirne Ghlór na nGael gach uile bliain agus iad i mbun timireacht leo agus moltóireacht orthu. Rinne sí comhghairdeas ach go háirithe leis an chúig chlub a bhain bonn óir amach in 2021, agus dúirt sí go raibh na moltóirí iontach tógtha le seasmhacht s’acu i dtaobh na teanga de, agus leis an tionchar teanga a bhí le feiceáil go sonrach i bpobail áitiúla na gcumainn.
Is in ómós do Sheosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht seo. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitinne le linn a shaol. D’éirigh leis an post is airde a bhaint amach sa Chumann Lúthchleas Gael, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh mar iománaí agus bhí sé ina phríomhfheidhmeannach agus mar chathaoirleach ar chuid de mhóreagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.
Thíos tá liosta na gclub a bhain bonn amach in 2021. Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ag www.glornangael.ie/clg
Bonn Óir:
Tuar Mhic Éadaigh CLG
Cumann Peil na mBan Maigh Cuilinn
An Cheathrú Rua CLG
Cárna Caiseal CLG
Cumann Caide na Gaeltachta
Bonn Airgid:
Bearna – Na Forbacha (Iománaíocht)
An Ríocht CLG
Naomh Peadar CLG, An Lorgain
Baile Buadáin, Naomh Éanna CLG
Naomh Colmcille CLG, An Charraig Mhór
An Clochán Liath CLG
Bonn Cré-umha:
Cabán tSíle CLG
Clanna Gael Fontenoy CLG
Fánaithe Baile Buadáin CLG
Na Cloigthithe CLG
Naomh Barróg CLG
Naomh Pádraig CLG, Domhnach Bat
Sairséalaigh Leamhcáin CLG
Cill Mhichíl CLG
An Ghleann CLG
Ard Ghlais CLG
Clann na Banna CLG
Baile Mhic an Aba CLG
Na Piarsaigh CLG, Eanach Mór
Uí Raithilligh CLG, Tailte an Choláiste
Achadha Mórdha CLG
Baile Éilís CLG
Mainistir Eimhín CLG
Nás na Ríogh CLG
Na Piarsaigh CLG, Doire Trasna
Naomh Trea CLG
Baile na nGallóglach CLG
Bealach na Leice CLG
Naomh Iósaf Eadarnaigh CLG
Mungairit Naomh Póil CLG
Peil na mBan – Pailís Ghréine CLG
Gaeil Mhaigh Eo CLG