Blitzchomórtas na Fondúireachta 2025 i gCill Dhéagláin, Co. na Mí

Bhí lá den scoth ann ar Lá Fhéile Bríde, 1ú Feabhra 2025, nuair a bhailigh peileadóirí ó 14 chlub le chéile i gclubtheach fairsing Dhomhnach Mór Cill Dhéagláin i gcontae na Mí. Bhí 150 ann ar fad idir imreoirí, eagraitheoirí, bainisteoirí agus maoir ón chlub, agus Gaeilge á labhairt ag gach duine.

Thosaigh an lá le mórshiúl timpeall na páirce agus píobaire  ar cheann an tslua. Chan Grace Hanley ón chlub baile Amhrán na bhFiann agus cuireadh tús leis na cluichí.

Bhí ardchaighdeán sa pheil agus níor thóg sé rófhada ar na himreoirí dul i dtaithí ar na rialacha – peil mheasctha, le ceathrar ban agus triúr fear ar an bpáirc ag aon am amháin. Choinnigh na réiteoirí súil ghéar ar chúrsaí agus ag deireadh an lae, bhuaigh an club baile, CLG Domhnach Mór Cill Dhéagláin Corn Fheargail Uí Chuillinn agus bronnadh an Sciath ar CLG Naomh Eoin Baile an tSaoir.

Cuireadh béile ar fáil do na himreoirí ar fad sa chlubtheach i ndiaidh an chomórtais agus bhí oíche cheoil ann le clabhsúr a chur ar an imeacht. 

Ag deireadh an lae, dúirt gach duine gur bhain siad an-taitneamh as an ócáid agus bhí siad ag tnúth leis an gcéad ‘Blitzchomórtas’ eile.

Roghnaigh do theanga / Choose your language