Le cúpla bliain anuas tá Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ag tabhairt cuiridh do chlubanna Blitzchomórtais a eagrú do na scoileanna ina gceantracha féin. Cuireann clubanna isteach ar dheontas ón Fhondúireacht a íocann go hiondúil as na duaiseanna agus costaisí eile a bhaineann leis an imeacht. Labhraíonn an club leis na scoileanna áitiúla, agus ar ndóigh, cuirtear béim ar labhairt na Gaeilge an t-am ar fad.
Tá obair ceannródaíoch ar siúl ag Cumann Naomh Peregrine atá lonnaithe i gCluain Saileach, Baile Átha Cliath 15. Bíonn a lán imeachtaí acu ag deireadh seachtaine Lá ‘le Bríde agus thosaigh siad i mbliana le Blitzchomórtas scoile ar an 31ú Eanáir. Eagraíodh ceithre bhlitzchomórtas scoile in Oirthear Laighin i mí an Mhárta: ar an 13ú bhí dhá cheann ar siúl i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath –ceann iománaíochta in Oileán na hÉireann, Fionnghlas, agus níos déanaí an lá céanna chuir CLG Naomh Barróg fáilte roimh dhaltaí chun peil agus iománaíocht a imirt. Ar an 26ú thaínig scoileanna Bhaile Coimín, Contae Chill Mhantáin le chéile faoi choimirce CLG Chros Bhaile Coimín, agus d’éirigh go hiontach leo. An lá dár gcionn, d’eagraigh CLG Cabán tSíle blitz do scoileanna an cheantair agus bhí lá den scoth acu go léir.
I gCúige Uladh, d’eagraigh roinnt clubanna blitzchomórtais mar chuid de cheiliúradh s’acu ar Sheachtain na Gaeilge. Bhí ardfhreastal ar na blitzchomórtais peile a d’eagraigh Cumann Mhig Uidhir ar an Iompú Deiseal i bhFear Manach agus in Áit Tí Chathail i gContae an Dúin. Bhí dhá imeacht ar leith ag Clann Éireann in Ard Mhacha do bhuachaillí agus do chailíní agus bhí bliotschomórtas rathúil peile i nDoire Loin i bhFear Manach ag deireadh mhí an Mhárta.
Bhí scaifte ollmhór i láthair ag bliotschomórtas iománaíochta a d’eagraigh Cumann Phádraig Mhic Phiarais i gcontae Ros Comáin le scoileanna i láthair ó Ros Comáin, Gaillimh agus an Iarmhí. D’éirigh go han-mhaith leis an bhlitz peile a d’eagraigh Cumann Naomh Muire i Sligeach freisin agus chuir siad leis an lá trí thráth na gceist agus comórtas idirscoile Scór a eagrú. I gContae na Gaillimhe, bhí blitzchomórtais ráthúla ag Na Piarsaigh Ros Muc agus Baile an Doirín i mi Aibreáin agus i mí na Bealtaine le go leor scoileanna páirteach iontu.
Chomh maith leis sin, reáchtáladh blitzchomórtais i gCúige Mumhan, Lár na Tíre agus i gCill Chainnigh. I gcúige Mumhan d’fhreastal 180 páiste ar blitz in CLG Átháin agus bhí lá iontach ag páistí i CLG Mungairit/Naomh Pól i gContae Luimní i mí an Mhárta. Bhí an-spraoi ag páistí na hInse ag an blitz a bhí ar siúl ag Éire Óg i gContae an Chláir. Ceithre bhunscoil a ghlac páirt, le breis is 130 daltaí ar an bpáirc ar an lá idir bhuachaillí agus cailíní.
I gContae na hIarmhí, ghlac 8 mbunscoil páirt i mblitz scoile a d’eagraigh CLG Bhaile Uí Chumaoil. Bhí lá den scoth i gContae Laoise i mí an Mhárta nuair a ghlac 5 scoil áitiúil páirt sa blitzchomórtas ag CLG Chluain Fhada, agus d’éirigh go hiontach leis Na hIathghlasaí i gCill Chainnigh leis an blitz Gaeilge a bhí acu mar chuid de chéiliúradh Sheachtain na Gaeilge sa chlub
Rud amháin atá an-sonrach faoi na blitzchomórtais ar fad ná go mbíonnn na daltaí atá ag freastal ar scoileanna Béarla lánsásta triail a bhaint as an nGaeilge atá foghlamtha acu sa rang – agus ar ndóigh tá daltaí na nGaelscoileanna thar a bheith sásta cabhrú leo.
Tá buíochas ag dul do na clubanna a eagraíonn na Blitzchomórtais – agus go deimhin d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, Glór na nGael agus an Cumann Lúthchleas Gael a chuireann na deontais ar fáil.
Gura fada buan iad na Blitzchomórtais Scoile!