Blitzchomórtais scoile ar na bacáin a bhuí le maoiniú na Fondúireachta

Beidh clubanna CLG ar fud na tíre ag reáchtáil blitzchomórtas Gaeilge do bhunscoileanna agus meánscoileanna ina gceantair féin sna míonna beaga romhainn, a bhuí le maoiniú ó Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Bronnadh maoiniú de €10,000 ar 20 club le tacú leo scoileanna áitiúla a thabhairt le chéile sa chéad chuid den bhliain le deis a thabhairt do pháistí na scoileanna a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus iad ag imirt amuigh ar an pháirc.

In aineoinn na géar-iomaíochta, d’éirigh le 20 club i mBaile Átha Cliath, i dTír Eoghain, i Laois, i gcontae an Dúin, i Luimneach, i nGaillimh, in Aontroim, in Ard Mhacha, i Sligeach, ar an Chabhán, ar an Mhí, i gCiarraí, i nDún na nGall agus i Ros Comáin airgead a fháil sa bhabhta deontais seo. Beidh daltaí scoile ó bhreis agus 130 scoil páirteach sna bhlitzchomórtas agus ag úsáid na Gaeilge ar an pháirc peile agus iománaíochta/camógaíochta mar gheall ar an infheistíocht. Chomh maith leis sin, beidh na clubanna ag tacú leis na scoileanna rannpháirteacha le ceachtanna agus le h-áiseanna a chur ar fáil leis an Ghaeilge a bhuanú, go háirithe sna scoileanna béarla.

Bhí an deontas seo ar an tríú babhta deontas in 2025. Le linn 2025, bronnadh 207 deontas san iomlán trí Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, arb ionann é sin agus infheistíocht de €103,820 leis an Ghaeilge a chur chun cinn i gclubanna CLG ó cheann ceann na tíre. Beidh an chéad bhabhta maoinithe don bhliain reatha oscailte ag deireadh mhí Feabhra. Cuirfear eolas amach faoin bhabhta deontais sin chuig gach club atá cláraithe don bhliain 2026. Tá clárúchán do 2026 go fóill ar oscailt agus is féidir foirm chlárúchán a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh le clg@glornangael.ie nó trí léiriú spéise a chur isteach ag https://www.glornangael.ie/clg/#speise. 

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar mhaithe le clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a léamh ag https://www.glornangael.ie/clg/ nó bí i dteagmháil linn ag clg@glornangael.ie.

Roghnaigh do theanga / Choose your language