Os cionn céad scoil le páirt a ghlacadh i mblitzchomórtais urraithe ag Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha
I dtionscnamh úrnua chun pobal Gaelach níos láidre a chothú agus an Ghaeilge a chur chun cinn tá maoiniú suntasach á chur ar fáil ag Glór na nGael do chlubanna Chumann Lúthchleas Gael (CLG) ar fud na tíre le blitzchomórtas a eagrú idir bhunscoileanna nó meánscoileanna ina gceantair feidhme féin.
Mar thoradh ar phróiseas mheasúnaithe a rinneadh roimh na Nollag, íocadh deontas €1,000 le 26 club trí scéim Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar mhaithe le blitzchomórtais trí Ghaeilge a eagrú do scoileanna ina gceantair féin. Eagrófar na blitizchomórtais ins na clubanna féin agus beidh suas le 120 scoil ag glacadh páirt.
Is deis iad na blitzchomórtais seo do na cumainn CLG páirt a ghlacadh i bhfeachtas dearfach chun an Ghaeilge a chur chun cinn go háitiúil. Cuireann sé leis an dlúthpháirtíocht idir na scoileanna, na múinteoirí agus na cumainn CLG Tugann sé deis do dhaoine óga, ó scoileanna éagsúla, bualadh le chéile agus a bheith páirteach i gcluichí agus an teanga ina lár.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.
Eolas: clg.glornangael.ie
Seo a leanas na clubanna a bhfuil deontas ceadaithe dóibh:
CLG Carna Caiseal, Contae na Gaillimhe
CLG Oileáin Árann, Contae na Gaillimhe
CLG Mungairit/Naomh Pól, Contae Luimnigh
Toigh Chonnachta, Contae an Dúin
CLG an Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí
Gaeil Mhuigh Eo, Contae Mhaigh Eo
CLG Naomh Muire Íochtar na Rossan, Contae Dhún na nGall
Loch Gamhna CLG, Contae an Chabháin
CLG Mhic Uidhir, An t-Iompú Deiseal, Contae Fear Manach
Trí Leac, Naomh Mhic Artáin, Contae Thír Eoghain
Club Peile na mBan, Pailís Ghréine, Contae Luimnigh
Cumann Peile Naomh Anna, Leitir Móir, Contae na Gaillimhe
CLG Áit Tí Chathail, Contae an Dúin
Baile an Doirín, Contae na Gaillimhe
Cumann Camógaíochta Chois Fharraige, Contae na Gaillimhe
Laochra Loch Lao CLG, Contae Aontroma
Domhnach Mór/ Cill Dhéagláin CLG, Contae na Mí
Cumann Peil na mBan Maigh Cuilinn
CLG Átha Troim, Contae na Mí
CLG Áth an tSléibhe, Contae Luimnigh
CLG Chloich Cheann Fhaola, Contae Dhún na nGall
Clg Átháin, Contae Luimnigh
CLG Naomh Brónach, Contae an Dúin
Cumann Phádraig Mhic Phiarais, Contae Ros Comáin
Club Iománaíochta Bearna na Forbacha, Contae na Gaillimhe
Na h-Íathghlasaí, Contae Chill Chainnigh